Skip to main content

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh Thuarascáil Chomhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus na nOileán

WhatsApp_Image_2018-06-19_at_13.20.17.jpeg

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh thuarascáil chuimsitheach ar Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 a seolfaidh Comhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus na nOileán inniu, 13.00 i dTithe an Oireachtais, 19 Meitheamh.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

“Táimid an-sásta go n-aithnítear an gá le hearcaíocht Ghaeilge san earnáil phoiblí mar an tosaíocht is tábhachtachaí, ach beidh gá le spriocdháta leis an aidhm seo a bhaint amach agus a chinntiú.  Tacaíonn an tuarascáil freisin lenár n-aidhm go mbeadh gach oifigeach stáit in oifigí poiblí sna Gaeltachtaí ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, ach arís, beidh gá le spriocdháta le brú a chur ar earnáil an sprioc seo a bhaint amach.

Easnamh amháin atá sa Tuarascáil ná nach bhfuil sé luaite go mbeadh ionadaíocht ag an bpobal ar an gCoiste Earcaíochta a bhunófar le pleanáil don earcaíocht.  Tá ról fíorthábhachtach ag an bpobal sa phróiseas seo, agus caithfear cinntiú go mbeidh ionadaíocht acu ar an gCoiste le cinntiú go n-éireoidh leis an sprioc seo.”


Deir Julian De Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Is maith an rud é go bhfuil moltaí eile ón gConradh nach bhfuil sna ceannteidil ach atá san áireamh sa tuarascáil. Mar shampla an reachtaíocht maidir le comharthaí tráchta dátheangach leis an dá theanga ar chomchéim, moladh a raibh an Taoiseach féin i bhfabhar nuair a bhí sé ag feidhmiú mar Aire Iompair. Freisin, luaitear an moladh go mbeadh ar chomhlachtaí le conradh ón Stát, chun seirbhís a chur ar fáil don phobal, ag cur seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge mar chuid de na coinníollacha sa chonradh a bheadh á ofráil dóibh - i gcás chomhlachtaí leithéid de Dublin Bikes atá ag feidhmiú ar son Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, mar shampla.”


Tá Conradh na Gaeilge ag súil le moltaí an Chonartha agus na moltaí cuimsitheach breise ón gComhchoiste Dála a chur chun cinn sna seachtainí agus sna míonna os ár gcomhair le cinntiú go mbeidh reachtaíocht shásúil, éifeachtach agus chuimsitheach againn.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.