Skip to main content

Comhionannas don Ghaeilge Á Éileamh Ar Shuíomh Pharlaimint na hEorpa

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh thoscaireacht Shinn Féin le Martina Anderson FPE ar Miguel Angel Martínez, Leasuachtarán an Aontais Eorpaigh, inniu (Dé Máirt, 11 Nollaig 2012). Tacaíonn Conradh na Gaeilge go mór mór leis an éileamh a dhéanfaidh sí le suíomh idirlín Pharlaimint na hEorpa a chur ar fáil as Gaeilge go práinneach, ar nós gach teanga oifigiúil eile san Aontas Eorpach.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá sé nach mór 6 bliana ó fuair an Ghaeilge stádas oifigiúil san Aontas Eorpach agus níl suíomh Pharlaimint na hEorpa ar fáil trí Ghaeilge fós. Tá an-obair déanta ag Coimisiúin na hEorpa agus cuid mhaith ag an gComhairle Eorpach le suíomh Gaeilge a sholáthar, agus cuireann sé iontas ar Chonradh na Gaeilge nach bhfuil amhlaidh déanta ag an bParlaimint."

Ní chóir dearmad a dhéanamh go mbaineann maolú na Gaeilge (Rialachán Comhairle 920/2005)* le foilsiú reachtaíochta amháin. Ní bhaineann sé le suímh idirlín, suíomh idirlín na Parlaiminte san áireamh, agus ba chóir, dá bhrí sin, géilleadh do stádas comhionann na Gaeilge ina thaobh sin. Ní gnó do Rialtas na hÉireann é polasaí teanga Pharlaimint na hEorpa a leagadh síos; níl an inniúlacht ag ballstát amháin Rialachán den Chomhairle a leasú; ní foláir do Pharlaimint na hEorpa géilleadh don Dlí Eorpach.

Tá súil ag Conradh na Gaeilge go nglacfaidh an Leasuachtarán Miguel Angel Martínez leis an éileamh agus go gcuirfear leagan Gaeilge de shuíomh idirlín Pharlaimint na hEorpa le chéile go práinneach.

*Rialachán Comhairle 920/2005: By way of derogation from Regulation No 1 and for a renewable period of five years beginning on the day on which this Regulation applies, the institutions of the European Union shall not be bound by the obligation to draft all acts in Irish and to publish them in that language in the Official Journal of the European Union. This Article shall not apply to Regulations adopted jointly by the European Parliament and the Council.

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 8142757

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)87 6546673

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.