Skip to main content

Scoláireacht de hÍde le buachan do Thionól Gaeilge UCD mar chuid de Bhliain na Gaeilge

Ráiteas Nuachta

23 Bealtaine 2018

Le foilsiú láithreach

 

Scoláireacht de hÍde le buachan do Thionól Gaeilge UCD mar chuid de Bhliain na Gaeilge

Spriocdháta 5 Meitheamh ag teannadh le foghlaimeoirí Gaeilge thar sáile

Tá comórtas á reáchtáil ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i gcomhar le Bliain na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge le Scoláireacht de híde, ar luach €1,000, a bhuachan.  Beidh deis ag an bhfoghlaimeoir Gaeilge ámharach amháin taisteal ó thar sáile le freastal mar scoláire ar Thionól Gaeilge UCD 2018.

Míníonn Clár Ní Bhuachalla, Bainisteoir Tionscadail Bhord na Gaeilge UCD:
“Mar gheall ar an rath a bhí ar Thionól Gaeilge UCD 2017, rinne Bord na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath cinneadh an t-imeacht a reáchtáil arís i mbliana.  Scoil samhraidh atá sa Tionól Gaeilge, atá eagraithe ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i gcomhar le Gaelchultúr, do dhaoine fásta ar spéis leo an Ghaeilge a fhoghlaim, nó a gcumas Gaeilge a fheabhsú.”

Beidh an cúrsa ar siúl ar champas Belfield UCD, BÁC 4, ó mhaidin Dé Luain, 2 Iúil go dtí am lóin Dé hAoine, 6 Iúil 2018.  Beidh ranganna teanga, léachtaí agus imeachtaí sóisialta ar siúl lena linn. Tuilleadh eolais le fáil faoin Tionól anseo.

Cuirfidh Ciste Bhliain na Gaeilge an deis ar fáil do chainteoir nó d’fhoghlaimeoir Gaeilge atá lonnaithe taobh amuigh den tír, áit ar an Tionól a bhuachan.  Is dámhachtain gur fiú €1,000 í Scoláireacht de hÍde atá le bronnadh ag an Tionól féin. Is fiú €600 é freastal ar imeachtaí uile an Tionóil agus fanacht cúig oíche sa lóistín ar champas, agus beidh €400 sa bhreis ag an mbuaiteoir mar chúnamh le costais taistil/lónadóireachta.

Deir Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge:
“Táimid iontach sásta tacaíocht a chur ar fáil do Thionól Gaeilge UCD.  Is deis iontach í an scoil samhraidh seo do mhic léinn, d’fhoghlaimeoirí teanga, agus don diaspóra teacht le chéile leis an teanga a fhoghlaim agus a cheiliúradh, rud atá speisialta ach go háirithe i mbliana agus muid ag comóradh 125 bliain ó thús na hathbheochana.

“Ba dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge é Dubhghlas de hÍde, agus is deas linn a bheith in ann scoláireacht a bhronnadh in onóir chéad Uachtarán na hÉireann agus pearsa a bhí chomh lárnach in athbheochan na teanga mar chuid de chomóradh Bhliain na Gaeilge.”

Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach an cheist seo a fhreagairt:
Le linn Thionól Gaeilge UCD, beidh ranganna ar siúl gach lá. Cé mhéad leibhéil éagsúla a bheidh ar fáil?

Seol freagra na ceiste mar ríomhphost leis an teideal ‘Comórtas’, chuig Bainisteoir Tionscadail Bhord na Gaeilge UCD: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. roimh 17.00 (meán-am Greenwich) Dé Máirt, 5 Meitheamh 2018.  Fógrófar buaiteoir Scoláireacht de hÍde ar mheáin shóisialta UCD roimh dheireadh Mheithimh agus déanfar teagmháil leis an mbuaiteoir go díreach roimh ré.

TUILLEADH EOLAIS:

Clár Ní Bhuachalla
Bainisteoir Tionscadail Bhord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
+353 (0)1 716 7387  | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Emma Ní Chearúil
Feidhmeannach Cumarsáide Chonradh na Gaeilge

+353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Síomha Ní Ruairc

Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge

+353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Beidh Tionól Gaeilge UCD ar siúl i mBelfield, príomhchampas na hOllscoile atá lonnaithe i bhfearann páirce álainn 133 heictear ina bhfuil cosán coille 5 km agus linn snámha 50 méadar.  Tá sé furasta lár chathair Bhaile Átha Cliath a bhaint amach ón gcampas agus tá bus díreach ón aerphort chuig an campas. Tabhair faoi ndear nach mór d’iarrthóirí a bheith lonnaithe thar sáile ar feadh tréimhse 12 mí nó níos faide. Tuilleadh eolais: http://www.ucd.ie/bnag/ga/seirbhisi/tionolgaeilgeucd/

Is tionscnamh pobail í Bliain na Gaeilge agus tá breis is 50 grúpa Gaeilge, Gaeltachta, agus cultúir páirt sna hullmhúcháin go dtí seo, an Cumann Lúthchleas Gael (CLG), TG4 agus RTÉ ina measc. Tá Rialtas na hÉireann ag tacú go hoifigiúil le Bliain na Gaeilge chomh maith agus bunaíodh coiste leis an tacaíocht sin a chomhordú. Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag cur maoinithe ar fáil trí Fhoras na Gaeilge. Tuilleadh eolais: www.gaeilge2018.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.