Skip to main content

Ceiliúradh breithe Raidió Rí-Rá á chraoladh ar FM!

 

An chéad chairt-stáisiún Gaeilge in Éirinn ag ceiliúradh 10 mbliana le linn Sheachtain na Gaeilge!

Tá Raidió Rí-Rá 10 mbliana d’aois agus leis sin a cheiliúradh, thosaigh an stáisiúin óige ag craoladh ar FM Dé Sathairn.  Leanfaidh an craoladh FM ar aghaidh ar feadh 10 lá i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh & Luimneach. Le linn an cheiliúrtha, beidh ceol beo le cloisteáil, aoi-láithreoirí sa stiúideo - Micheál Ó Ciaraidh ó TG4 agus Daithí Mac Suibhne ó Fair City ina measc. Beidh go leor duaiseanna speisialta le buachan, i measc na nduaiseanna tá dhá oíche do bheirt san House Hotel i nGaillimh buíochas le Choice Hotel Group. Mar aon leis seo, beidh an ceol is déanaí ó na cairteacha le cloisteáil & caint ar an nuacht siamsaíochta, scannánaíochta agus spóirt is déanaí.  Beidh an-bhéim curtha ar eolas a scaipeadh faoi imeachtaí Bhliain na Gaeilge 2018 agus imeachtaí Sheachtain na Gaeilge le míreanna gach uair a chloig idir 08:00 agus 20:00.

Dúirt Niamh Ní Chróinín, Bainisteoir an Stáisiúin:

“Táimid ar bís bheith ar FM agus tá an-áthas orainn bheith in ann rud éigin mór a dhéanamh chun ceiliúradh a dhéanamh ar 10 mbliana den stáisiún.  Tá an-chuid bainte amach ag Raidió Rí-Rá ó bunaíodh an stáisiún i 2008, idir taithí agus traenáil a thabhairt do dhaoine óga, ceardlanna raidió a dhéanamh le scoileanna, cláracha ceoil den scoth a chuir ar fáil agus bearna mór a líonadh ar an aerthonnta.  Níl aon stáisiún Gaeilge lánaimseartha do dhaoine óga ann ar FM in Éirinn agus tá an-áthas orainn bheith in ann ár seirbhís a chuir ar fáil ar FM ar feadh 10 lá”.

Bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh 24/7 ag www.rrr.ie, ar a aip Android agus iOS, agus in áiteanna áirithe ar DAB.  Tá sé mar aidhm ag an stáisiún a bheith ag craoladh mar an chéad chairt-stáisiún Gaeilge ar FM i ngach contae sa tír.

Dúirt Julian de Spáinn, Rúnaí Raidió Rí-Rá:

“Táimid 10 mbliana ar an aer anois, tá an stáisiún forbartha agus táimid réidh an chéad chéim eile a thógáil.  Táimid ag iarraidh go mbeidh Raidió Rí-Rá ag craoladh ar FM ar fud na tíre go lán-aimseartha. Táimid ag obair go dian i dtreo sin.  Tá an-áthas orainn bheith ar FM agus blaiseadh dár tseirbhís a thabhairt do lucht éisteachta níos leithne.” 

Is mic léinn tríú leibhéal den chuid is mó a bhíonn ag craoladh ar Raidió Rí-Rá. Cuireann Raidió Rí-Rá ceardlanna ar fáil do bhunscoileanna agus meánscoileanna timpeall na tíre, ag tabhairt deis dóibh taithí raidió a fháil. Eisíonn Raidió Rí-Rá, i gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge & RTÉ 2fm, dlúthdhiosca CEOL gach bliain le haistriúcháin Ghaeilge ar amhrán aitheanta.

Beidh Raidió Rí-Rá le cloisteáil ar FM 87.7 i nGaillimh, FM 106.7 i gCorcaigh, FM 105.2 i mBaile Átha Cliath & FM 105.5 i Luimneach go dtí 12 Márta.  

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.