Skip to main content

Sneachta na Gaeilge

Ainm nua tugtha don fhéile Seachtain na Gaeilge le Energia

Is í Seachtain na Gaeilge le Energia an fhéile Ghaeilge is mó a dheánann ceiliúradh ar an nGaeilge fud fad an domhain. Reáchtáilfear na mílte imeacht idir anois agus 17 Márta. I mbliana tá James Patrice, Caitlín Nic Aoidh agus Noel McGrath mar ambasadóirí don fhéile.

Is láithreoir aimsire í Caitlín Nic Aoidh, ceann de hambasadóir na féile ó Ghaeltacht Thír Chonaill.

Deir Caitlín Nic Aoidh, Láithreoir Aimsire agus Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia:

“Ní hamháin go mbeidh Seachtain na Gaeilge le Energia ag clúdú na tíre idir anois 17 Márta ach tá an cuma ar an scéal go mbeidh Sneachta na Gaeilge againn go dtí an deireadh seachtaine! Thaitin sé go mór liom go raibh daoine ag baint úsáide as #Sneachta le linn na seachtaine le cur síos a dhéanamh ar an aimsir. Taispeánann sé dúinn go bhfuil cúpla focal Gaeilge ag gach éinne in Éirinn agus go mbíonn daoine sásta an Ghaeilge a úsáid.”  

Do dhaoine atá ag fanacht taobh istigh don chéad chúpla lá eile de dheasca na drochaimsire tá go leor bealaí gur féidir leo páirt a ghlacadh san fhéile ar líne.

Deir Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia:

Is trua go bhfuil imeachtaí curtha ar athló de dheasca na drochaimsire ach tá go leor imeachtaí iontacha ar nós Lá na Meán Sóisialta fós le teacht mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia. Idir an dá linn is féidir le daoine páirt a ghlacadh san fhéile trí póstálacha a chur amach as Gaeilge ar na meáin shóisialta leis an haischlib #SnaG18 agus trí pháirt a ghlacadh sna comórtais atá á reáchtáil againn.”

Le tuilleadh eolais faoi imeachtaí na féile a fháil téigh go www.peig.ie agus le heolas faoi na comórtais a fháil téigh go www.snag.ie.  

Sneachta_na_GAeilge.jpg

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.