Skip to main content

Beidh Lá Eile ag an bhFéile

Féile Shráide BEO  - Gaelach & Bródúil curtha ar athló


De bharr easpa cinnteachta ar fud na tíre maidir leis an aimsir a thiocfaidh le Stoirm Emma, tá an fhéile shráide
BEO - Gaelach & Bródúil, a bhí le tarlú Dé Sathairn, 3ú Márta, á chur ar athló.  Beidh an fhéile anois á reáchtáil Dé Sathairn, 14ú Aibreán.


Tá cinneadh déanta ag Conradh na Gaeilge an ócáid a chur ar athló, de bharr rabhadh slándála san ardchathair, agus ionas nach mbeidh baol ar dhuine ar bith a bheadh ag taisteal chuig an imeacht.  Tá 25 bus ó fud fad na tíre cláraithe le freastal ar an imeacht.


Ní chuirfidh an mhoill seo isteach ar an gceiliúradh teanga seo, áfach.  Tarlóidh an fhéile shráide anois ar an 14ú Aibreán, agus beidh scoileanna, grúpaí Gaeilge, clubanna óige agus an pobal trí chéile ag bailiú ar na sráideanna don mhórshiúl, do cheolchoirm agus siamsaíocht, le ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga agus pobal láidir na Gaeilge.

Deir Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge:

“Is oth linn a rá nach féidir linn an BEO - Gaelach & Bródúil a reáchtáil an deireadh seachtaine seo, ach is fearr i bhfad bheith airdeallach ar chúrsaí shábháilteachta, agus níor mhaith linn aon bhrú breise a chur ar na seirbhísí éigeandála a bheidh faoi strus cheana féin le linn agus i ndiaidh na stoirme.  Táimid ag súil leis an 14ú Aibreán anois, agus slua níos mó arís a mhealladh chun na hArdchathrach le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus bród a léiriú don teanga.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Sé an trua go raibh orainn BEO a chur ar athló, ach beidh an príomhimeacht Bhliain na Gaeilge ag tarlú fós, ar an 14ú Aibreán.  Beidh an tUachtarán, Micheal D. Higgins, i láthair chomh maith leis na haíonna eile a bhí socraithe don lá.  Tabharfaidh sé seo an deis dúinn tuilleadh pleanála a dhéanamh freisin le breis imeachtaí agus áiseanna a chur ar fáil ar an lá, mar sin tá muid ag súil go mór leis.”

Beidh an mórshiúl agus féile shráide Ghaeilge is mó riamh á reáchtáil anois ar an 14ú Aibreán i gcroílár Bhaile Átha Cliaith.  Beidh an slua ag siúl ó Shráid Pharnell go dtí Cearnóg Mhuirfean d’óráid an Uachtaráin, Micheal D. Higgins, chomh maith le ceolchoirm spleodrach agus imeachtaí teaghlaigh i gCearnóg Mhuirfean.


TUILLEADH EOLAIS:

Síomha Ní Ruairc
Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge
+353 (0)87 265 7082 | + 353 (0)1 475 7401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.