Skip to main content

Suíomh Nua Sheachtain na Gaeilge!

Tá úsáid na teanga á spreagadh ar fud na cruinne i gcaitheamh Bhliain na Gaeilge ar fad, ach tá féilire ar leith d'imeachtaí Gaeilge á heagrú go náisiúnta agus go háitiúil le linn Sheachtain na Gaeilge 2013, an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge is mó in Éirinn agus thar lear ó 4 - 17 Márta 2013!

In ainneoin go bhfuil an fhéile ar an bhfód ó bhí 1902 ann, tá spleodar as an nua ag baint le Seachtain na Gaeilge 2013 ó tá suíomh úr ar www.snag.ie á sheoladh ag an bhfoireann inniu, áit a mbeidh grúpaí pobail ar fud na tíre agus an domhain in ann imeachtaí áitiúla Gaeilge dá gcuid féin a chlárú air.

Beidh Seachtain na Gaeilge 2013 ag croílár an cheiliúrtha ar Bhliain na Gaeilge i mbliana freisin, féile bhliana ag comóradh 120 bliain d'athbheochan na teanga atá ag spreagadh daoine chun úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge trí réimse imeachtaí úra, spraíúla á eagrú i gcomhar le grúpaí pobail ar an talamh i gcaitheamh na bliana.

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: "Is Seachtain na Gaeilge bhliana de shórt atá i gceist leis an gceiliúradh Bliain na Gaeilge 2013, ach beidh féilire d'imeachtaí Gaeilge speisialta ag Seachtain na Gaeilge 2013 féin chun spraoi agus spleodar ar leith a chur faoin gcomóradh ar an nGaeilge i mí an Mhárta!"

Dar leis na daonáirimh is déanaí, tá beagnach dhá milliún duine le Gaeilge ar oileán na hÉireann agus tá sí mar aidhm ag Seachtain na Gaeilge agus ag Bliain na Gaeilge araon an pobal sin a ghríosú agus a chumasú chun an Ghaeilge a úsáid go rialta.

Ní hamháin sin ach beidh toise níos idirnáisiúnta ná riamh roimhe seo ag baint leis an bhféile Ghaeilge is mó ar domhan; tá Seachtain na Gaeilge ag obair i gcomhar leis an togra turasóireachta Tóstal Éireann 2013 chun daoine ó thar lear a mhealladh abhaile go hÉirinn le linn 2013 chun gach a bhfuil iontach, uathúil i dtaobh na hÉireann a cheiliúradh, an Ghaeilge san áireamh.

Arsa Ní Ghairbhí: "D'áiríomar imeachtaí Sheachtain na Gaeilge chomh fada i gcéin leis an Astráil, Cúba agus Meiriceá i measc na gcéadta imeachtaí Gaeilge a cláraíodh linn trí www.snag.ie don fhéile anuraidh, agus táimid ag tnúth go mbeidh borradh arís ar an líon imeachtaí idirnáisiúnta Gaeilge a bheidh á eagrú ó 4 - 17 Márta 2013."

Tugann Seachtain na Gaeilge 2013 deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon. Cuireann oifig Sheachtain na Gaeilge gach tacaíocht ar fáil do rannpháirtithe san fhéile - idir smaointe imeachtaí, chruinnithe poiblí, lámhleabhar tacaíochta, eolas agus treoir ar conas an pobal áitiúil a spreagadh le páirt a ghlacadh, agus eile.

Déanann eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, bunscoileanna, meánscoileanna, coláistí tríú leibhéal, leabharlanna, eagrais cheoil, spóirt agus chultúir a n-imeachtaí a chlárú le hoifig Sheachtain na Gaeilge gach bliain agus is gá go mbeadh gach imeacht cláraithe leis an bhfoireann nó tríd an suíomh ar www.snag.ie roimh 25 Eanáir 2013.

CLÁRÚCHÁN & TUILLEADH EOLAIS:

Brenda Ní Ghairbhí
Bainisteoir, Seachtain na Gaeilge
+353 (0)86 3649776 / +353 (0)1 4757401

Áine Ní Chuaig
Oifigeach Riaracháin, Seachtain na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

GRIANGHRAIF INIATA: Suíomh nua Sheachtain na Gaeilge www.snag.ie

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a ritear i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn, anseo in Éirinn agus thar lear. Bhunaigh Conradh na Gaeilge an eagraíocht sa bhliain 1902. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá sí anois ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a ritear in Éirinn gach bliain, ag sciobadh tíortha eile linn ar an mbealach. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon. Déanann eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúrtha a n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge a chlárú leis an oifig gach bliain, agus reáchtálfar féile na bliana seo ón 4 - 17 March 2013 mar chuid den cheiliúradh Bliain na Gaeilge agus Tóstal Éireann 2013. www.snag.ie

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge 2013, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

Cad is féidir leatsa a dhéanamh le linn Bhliain na Gaeilge 2013?

• Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomhghleacaithe agus eile i 2013
• Féach ar na himeachtaí ar fad ar ár suíomh gréasáin ar www.gaeilge2013.ie & déan freastal ar chuid acu
• Glac páirt sna comórtais - tá duaiseanna iontacha le baint amach!
• Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim in 2013 - d'fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Líofa 2015 fiú
• Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht
• Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i dTóstal Éireann 2013
• Ceannaigh earraí déanta in Éirinn le cabhrú leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn againn

Tionscnamh turasóireachta agus ceiliúradh ar gach a bhfuil fíorbhreá agus uathúil i dtaobh na hÉireann agus a muintire atá i gceist le Tóstal Éireann 2013. Beidh sraith de thóstail agus d'imeachtaí áitiúla i dteannta féilte idirnáisiúnta, ceolchoirmeacha, imeachtaí spóirt, ceol, drámaíocht, litríocht, agus damhsa ar bun ar fud na tíre i gcaitheamh 2013. Tá sé i gceist go dtógfaidh muintir na hÉireann orthu féin cuireadh a thabhairt do dhaoine a bhfuil baint acu leis an tír - 70 milliún duine den diaspóra ar fud na cruinne san áireamh - agus go gcuirfidh siad fáilte Uí Cheallaigh rompu go hÉirinn. Tá sí mar sprioc ag Tóstal Éireann 2013 325,000 cuairteoir breise as tíortha thar lear a mhealladh chun na hÉireann i gcaitheamh na bliana agus €170 milliún a ghnóthú in ioncam turasóireachta. www.thegatheringireland.com

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.