Seimineár na hArd-Fheise 2018
“125 Bliain Ar Aghaidh - Tiomantas na Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht” an teideal a bheidh ar sheimineár Ard Fheis Chonradh na Gaeilge 2018, ollchruinniú bliantúil a reáchtálann an eagraíocht i mí Feabhra chuile bhliain. Beidh an tArd Fheis á reáchtáil i dTrá Lí, Co. Chiarraí i mbliana.
Beidh an Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, ina cathaoirleach ar sheimineár na hArd-Fheise agus ar an bpainéal labhróidh An tAire Stáit, Seán Kyne; Bríd Smith, TD Pobal Roimh Bhrabús; Micheál Martin, Ceannaire Fhianna Fáil; agus Donnchadh Ó Laoghaire, TD, Sinn Féin. Beidh plé eatarthu maidir leis an tiomantas agus meon atá ag Rialtais na tíre seo i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Táimid ag súil go mór le Seimineár na hArd-Fheise, agus an plé a bheidh ann idir na polaiteoirí agus lucht freastail na hArd Fheise. Beidh sé spéisiúil dearcaidh na bpáirtithe éagsúla a chloisteáil agus iad ag teacht le chéile le plé a dhéanamh trí Ghaeilge ar an méid atá déanta, agus atá á dhéanamh, ag Rialtais na hÉireann don teanga agus don Ghaeltacht le 125 bliain anuas. Is iontach an deis í seo tuairim bhaill an Chonartha a chloisteáil agus a chur os comhair na bpáirtithe éagsúla chomh maith.”
Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
“Tugann Ard Fheis an Chonartha deis dár mbaill a n-éilimh a chur os ár gcomhair, agus táimid ag súil leis na rúin atá molta acu a phlé leo. Ach go háirithe, tá rúin shuntasacha le plé ar ról an Chonartha agus Acht Gaeilge á lorg ó thuaidh; maidir le breismhaoiniú agus tacaíocht a lorg do phleanáil teanga sna Gaeltachtaí; achainí go mbeadh an Gaeloideachas ar fáil ag gach leibhéal do gach duine óg sa tír atá á éileamh; agus moladh go mbeidh “Oifig na Gaeilge” ag gach údarás áitiúil sna 32 contae.”
Reáchtálfar Ard Fheis na bliana seo in Óstán Meadowlands i dTrá Lí, Co. Chiarraí, Dé hAoine, 23 Feabhra go dtí Dé Sathairn, 24 Feabhra. Sa bhreis ar sheimineár na hArd-Fheise beidh ceardlanna do chraobhacha agus baill aonair; caint um Bricfeasta le Mait Ó Brádaigh ar an ábhar “Dúshláin agus féidearthachtaí a bhaineann leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta”; beidh toghchán don Uachtarántacht agus don Choiste Gnó; agus beidh Seoladh Sheachtain na Gaeilge le Energia. Beidh cead vótála ag craobhacha agus baill aonair sna toghcháin, agus beidh fáilte roimh chách ag imeacht teaghlaigh Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl óna 2i.n. i mbaile Thrá Lí féin Dé Sathairn.