Fógraíodh James Patrice, blagadóir ó Celebrity Operation Transformation; Noel McGrath iománaí ó Thiobraid Árann agus Caitlín Nic Aoidh, láithreoir TG4 ó Ghaeltacht Thír Chonaill mar ambasadóirí ar an bhféile do 2018.
Dúirt Caitlín Nic Aoidh ó Ghaeltacht Thír Chonaill:
“Mar bhean Gaeltachta tá lúchair mhór orm a bheith i m’ambasadóir ar Sheachtain na Gaeilge le Energia. Cuidíonn an fhéile go mór leis an Ghaeilge a chur chun cinn ó cheann ceann na tíre. I mbliana táim ag dúil go mór freastal ar léar mór imeachtaí, cinn sa Ghaeltacht ach go háirithe.”
Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia:
“Táim ag súil go spreagfaidh ár n-ambassadóirí tuilleadh daoine le páirt a ghlacadh san fhéile i mbliana. Mar chuid de Bhliain na Gaeilge ba bhreá linn tuilleadh daoine a mhelladh i dtreo na Gaeilge agus is deis iontach í Seachtain na Gaeilge le Energia le sin a dhéanamh. Meallann an fhéile daoine idir chainteoirí líofa agus lucht foghlamtha na Gaeilge lena gcuid Gaeilge a cheiliúradh agus a úsáid.”
Tá Energia mar phríomhurraitheoirí na féile arís i mbliana agus tádar théis a bheith ag cur an Ghaeilge chun cinn ónar cuireadh tús lena bpáirtnéireacht le Seachtain na Gaeilge anuraidh.
Deir Amy O’Shaughnessey, Bainisteoir Urraíochta agus Éadálacha Margaíochta le Energia:
“Tá Energia an-mhórtasach faoinár bpáirtnéireacht leis an bhféile Seachtain na Gaeilge le Energia. Cosúil le ‘Daoine Cliste’ athnaímid an tábhacht na Gaeilge agus is cúis áthais é go gcuidíonn ár n-urraíocht le deontais a thabhairt d’imeachtaí pobail ar fud na tíre. Beidh iarracht faoi leith á dhéanah againn le tuilleadh Gaeilge a úsáid inár n-oifigí agus lenár gcustaiméirí ó 1 – 17 Márta agus iarrfaimid ar dhaoine amhlaidh a dhéanamh.”
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ó 1 – 17 Márta agus is í an fhéile Ghaeilge is mó a dhéanann ceiliúradh ar an dteanga fud fad an domhain. Is féidir tuilleadh eolais faoin bhféile a fháil ag www.snag.ie.