Skip to main content

Gradam le bronnadh ar bhunaitheoir Chumann Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge

Bronnfaidh Conradh na Gaeilge gradam speisialta ar Bhreandán Mac Gearailt, baill de Choiste Dúiche Chiarraí, as na héachtaí atá bainte amach aige i réimse na Gaeilge le tríocha bliain anuas, ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i dTrá Lí an deireadh seachtaine seo.  

Bronnfar ‘Gradam Chonradh na Gaeilge” ar Breandán, arb as Luimneach ó dhúchas é ach a chur faoi i gCiarraí ar feadh na mblianta. Bunaitheoir Chumann Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gCiarraí is ea Breandán Mac Gearailt.  Bhí ról lárnach aige sa fheachtas a bhain amach Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1979, agus bhí sé ina bhall de Bhord Údarás na Gaeltachta ar feadh na mblianta fada.  Tá bua na scríbhneoireachta ag Breandán, a bhí ina colúnaí agus iriseoir, agus a scríobh sé leabhar, chomh maith le leabhráin turasóireachta. Chaith sé seal ag déanamh eagarthóireachta ar ar irisí freisin, Misneach agus Iris na gCearta ina measc

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Táimid iontach bródúil go bhfuil éachtaí suntasacha bainte amach ag an-chuid dár mbaill, ach go háirithe iad siúd a throid ar son cearta teanga agus ar éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh don Ghaeilge agus a staid reatha i bpobal na hÉireann.”


Deir Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhchóideachta Chonradh na Gaeilge:

“Is mór an onóir dúinn an gradam seo a bhronnadh ar Bhreandán Mac Gearailt as an obair thábhachtach atá déanta aige le blianta fada anuas ar son na Gaeilge, agus ar son an Chonartha.  Tá Breandán fós ina bhall gníomhach den Chonradh agus táimid iontach bródúil an deis a bheith againn Gradam Chonradh na Gaeilge a bhronnadh air anocht i gCiarraí, áit ina bhfuil an Ghaeilge neartaithe agus caomhnaithe go mór de bharr oibre leanúnach déanta aige.”

Is ball gníomhach de chuid Chonradh na Gaeilge é Breandán i gcónaí, agus bronnfar an gradam air ag dinnéar na hArd-Fheise anocht, in Óstán Meadowlands i dTrá Lí.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.