Skip to main content

Acht Gaeilge - ‘Thar am ar fad go mbeadh an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil, go mbeadh cosaint agus seirbhísí ann, go mbeadh comharthaíocht agus coimisinéir neamhspleách ann’ – Conradh na Gaeilge

Ráiteas Nuachta 12 Feabhra 2018

Le foilsiú láithreach

‘Thar am ar fad go mbeadh an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil, go mbeadh cosaint agus seirbhísí ann, go mbeadh comharthaíocht agus coimisinéir neamhspleách ann’ – Conradh na Gaeilge

Acht Gaeilge neamhspleách, ceart-bhunaithe amháin a chinnteoidh rialtas buan as seo amach

18581890 1249231811840738 671457173753264631 n

Agus cainteanna ag teacht chun deiridh ag Cnoc an Anfa agus ceisteanna cearta do phobal na Gaeilge arís i gcroílár na díospóireachta, cinntíonn Conradh na Gaeilge arís a mbeadh de dhíth mar chritéir riachtanacha in aon phíosa reachtaíochta don Ghaeilge; Stádas oifigiúil seirbhísí stáit, feiceálacht na teanga, mar aon le coimisinéir neamhspleách, uilig faoi mar atá ann cheana féin sa Bhreatain Bheag agus i reachtaíocht den chineál seo timpeall an domhain.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

Ta moltaí Chonradh na Gaeilge ar son Acht Gaeilge bunaithe ar dhea-chleachtais idirnáisiúnta i dtaobh teangacha agus reachtaíochta; tá na moltaí curtha chun tosaigh againn chun go ndéanfar an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chosaint do chách sa tsochaí anseo. Mar ata ráite go minic ag ionadaithe tofa, na páirtithe agus go leor tráchtairí, is le gach duine an Ghaeilge, agus chuige sin, ní mór í a chosaint agus a chur chun cinn do chách. Is dlúthchuid de shochaí na tíre seo í an Ghaeilge agus go dtí go n-aithnítear sin go hoifigiúil agus go mbíonn na forálacha cuí i bhfeidhm, forálacha atá aitheanta ag saineolaithe go hidirnáisiúnta, ní mhaolófar na hiarrachtaí Acht Gaeilge neamhspleách a bhaint amach.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

Breis agus bliain déag ó shin, ag Cill Rimhínn, tugadh gealltanas do phobal na Gaeilge “go dtabharfaidh an Rialtas isteach Acht Gaeilge bunaithe ar an taithí sa Bhreatain Bheag” agus go n-oibreodh an Rialtas i gcomhar leis an chéad fheidhmeannas eile chun “cur chun cinn na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint”. Go dtí seo, is gealltanas é sin atá go fóill le cur i gcrích. Tá an pobal ag fanacht; bhí trí chomhairliúchán poiblí ar an cheist seo ó shin agus tromlach den phobal ag tacú le hAcht Gaeilge in achan cheann acu; sa chomhairliúchán is déanaí, in 2015, d’fhreagair 94.7% de 13,000+ freagróirí gur mhian leo stádas oifigiúil don Ghaeilge i bhfoirm Acht Gaeilge. Tá muid réidh le dul.

Níl pobal na Gaeilge sásta go gcaithfidh an stát linn mar shaoránaigh den dara grád a thuilleadh; ní bhfanfaidh muid ar na himill níos mó. Le bliain anuas chonaic muid ar fad athbheochan agus athmhúscailt ollmhór i dtaobh na teanga agus a lucht tacaíochta; tá na laethanta na Gaeilge ceilte, gan fheiceáil gan chluinstin, tá na laethanta sin thart. Ní mór do chearta agus aitheantas do phobal na Gaeilge bheith riachtanach agus lárnach in aon socrú nó rialtas nua. Acht Gaeilge neamhspleách, ceart-bhunaithe amháin a chinnteoidh rialtas buan as seo amach.

Beidh Ciarán Mac Giolla Bhéin ag caint ar BBC Raidió Uladh, ar chlár Evening Extra inniu agus ar UTV The View from Stormont anocht.

Tá cóip de phlé-cháipéis Chonradh na Gaeilge ar chostas an Acht le fáil anseo: http://bit.ly/2uApcES

TUILLEADH EOLAIS:

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

00 44 28 90 315647 | 00 44 7545293841| Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Pádraig Ó Tiarnaigh

Feidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht), Conradh na Gaeilge

00 44 28 90 315647 | 00 44 77 16690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Pictiúir ar fáil ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na GaeilgePEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

*******

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.