Is teanga dhomhanda í an Ghaeilge, le hos cionn 50 tír ag glacadh páirt i #TrasnaNadTonnta cheana féin
Beidh na mílte Gaeil fud fad na cruinne ag glacadh páirt i bhfeachtas idirnáisiúnta an tseachtain seo mar chuid de Bhliain na Gaeilge. Is í aidhm #TrasnaNadTonnta ná na Gaeil fud fad an domhain a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a úsáid ar Twitter. Is iad na grúpaí oideachais ICUF agus Fulbright a chuir tús leis i mí Bealtaine anuraidh agus tá Bliain na Gaeilge lán sásta tacú leo i mbliana.
Cuireadh tús leis maidin inné, Luan 22 Eanáir, agus cheana féin seoladh os cionn 2,500 tweetanna ó níos mó ná 50 tír. Beidh an feachtas ag leanúint ar aghaidh go dtí an Aoine 26 Eanáir, agus tádar ag súil le Gaeil ar fud na cruinne ag tweetáil as Gaeilge, agus iad ag baint úsáide as na haischlibeanna #TrasnaNadTonnta agus #Gaeilge2018.
Is é cuspóir an fheachtais seo ná glantosaitheoirí agus lucht na líofachta i bhfad is i gcéin a spreagadh chun a gcúpla focal Gaeilge a úsáid is a cheiliúradh ar Twitter don tseachtain. Bhí an-tóir ar an bhfeachtas ina chéad bhliain le 3 mhilliún imprisean ar Twitter agus os cionn 13,000 cuairteoir ar an bpróifíl le linn an fheachtais. Dá bharr sin, i mbliana tá Rialtas na hÉireann ag tacú leis mar chuid den Stráitéis 20 bliain don Ghaeilge - ba é an Taoiseach Leo Varadkar a sheol ceann des na céad tweetanna faoi bhfeachtas maidin inné.
Tá os cionn 70 ambasadóirí socraithe ó thíortha eágsúla le páirt a ghlacadh san fheachtas, ó Ghlascú, Albain go Cairo, Éigipt.
Dochreidte! 44 tír páirteach le #TrasnaNadTonnta go dtí seo!
— Trasna na dTonnta ? (@Trasna18) 22 Eanáir 2018
Amazing! 44 countries have now tweeted as Gaeilge since we started today
Fáilte roimh ?????? ?? ?? ?? ?? ?? ?? ?? ??
An féidir linn 50 tír a bhaint amach? Can we reach 50 by midnight? #Gaeilge2018 pic.twitter.com/FLNj28UatJ
Arsa Ian Mac Gabhann, scoláire ICUF, St Thomas University, Frederickton, Ceanada:
“Is breá liom mo chuid Gaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta agus táim ag súil go mór le bheith páirteach i dTrasna na dTonnta. Ghlac mé páirt anuraidh mar ambassadóir chomh maith agus i mbliana táim ag súil go mór le bheith i gceannas ar an gcuntas @ireland don tseachtain.”
Mar chuid den fheachtas reáchtálfar comórtas grianghraif ar Twitter don tseachtain agus gheobhaidh an té a sheolann tweet leis an bpictiúr is fearr agus leis na haischlibeanna #TrasnaNadTonnta agus #Gaeilge2018, duais de €100 ó Bhliain na Gaeilge.
Arsa Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge:
“Seo ceann de na chéad fheachtas de chuid Bhliain na Gaeilge agus é an-ábhartha gur feachtas ar líne atá ann. Tá beocht faoi leith ag an nGaeilge ar líne agus táimid ag súil le sin a chur chun cinn le linn na Bliana leis an haischlib #Gaeilge2018. Is féile idirnáisiúnta í Bliain na Gaeilge, agus tugann Trasna na dTonnta deis dóibh siúd a bhfuil thar sáile páirt lárnach a ghlacadh in imeachtaí na féile.”
Is togra nua é Trasna na dTonnta atá curtha ar bun ag Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada agus atá tacaithe ag Coimisiún Fulbright agus ag Conradh na Gaeilge. Maoiníonn An Roinn Cultúir, Oidhreachta, agus Gaeltachta an Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada agus an Coimisiún Fulbright.
TUILLEADH EOLAIS:
Síomha Ní Ruairc
Comhordaitheoir, Bliain na Gaeilge 2018
00353 87 2657082
00353 (0)1 4757401
Aisling Ní Shírín
Bainisteoir Margaíochta, ICUF
Paula Melvin
Riarthóir Dámhachtaine, Coimisiún Fulbright
Bliain na Gaeilge
Gaeilge Bheo | Irish Belongs to Us All
#Gaeilge2018
www.gaeilge2018.ie
NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie