Skip to main content

30,000+ Dalta & Gach Contae in Éirinn Ag Glacadh Páirte i nDúshlán Gaeilge24

Gaeilge24 2017Spreagann Conradh na Gaeilge scoileanna i ngach contae in Éirinn le Gaeilge a labhairt ar feadh an lae

Tá an dúshlán Gaeilge24 á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le níos mó ná 30,000 dalta i mbreis ‘s 320 scoil ar fud na hÉireann Dé Máirt, 14 Samhain 2017. Den chéad uair riamh, beidh ar a laghad scoil amháin i ngach ceann de na 32 chontae in Éirinn ag glacadh páirte sa dúshlán Gaeilge24 agus bronnfar teastas ar gach dalta a ghlacann páirt ann i mbliana.

Is í aidhm Gaeilge24 ná daoine óga a spreagadh chun Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair a’ chloig i ngach aon áit agus i ngach réimse saoil s’acu ar aon lá ar leith. Is í seo an cúigiú bliain den dúshlán uathúil bliantúil seo agus tá Gaeilge24 ag dul ó neart go neart i gcónaí.

“Cuidíonn Gaeilge24 le hintinn na ndaoine óga a oscailt don teanga ar bhealach spraíúil, ábhartha agus tugann sé eispéireas dearfach dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol féin,” arsa an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

“Tá idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna Béarla, Gaeilge agus Gaeltachta ó cheann ceann na hÉireann ag glacadh páirte sa dúshlán Gaeilge24 is déanaí de chuid Chonradh na Gaeilge,” arsa an Dr Comer. “Níos tábhachtaí fós, is iad na rannpháirtithe – na daltaí féin – a scaipeann agus a spreagann úsáid na teanga i measc a bpobail féin, ag spreagadh daoine eile le labhairt leo i nGaeilge agus ag tacú le gach duine chun a gcuid cúpla focal féin a úsáid tríd an lá.”

Ní hamháin go labhraíonn na daltaí Gaeilge ar scoil agus le múinteoirí, ach léiríonn Gaeilge24 dóibh gur féidir leo an teanga a úsáid sa bhaile, ag na siopaí agus le gnólachtaí áitiúla, le cairde leo, timpeall an bhaile, sa chlub spóirt, agus lena muintir freisin.

Dar leis an aiseolas a bailíodh anuraidh, dúirt 96.4% de mhúinteoirí go ndéanfaidís Gaeilge24 a reáchtáil sa scoil arís. Ag tagairt do dhúshlán na bliana seo caite, dúirt Tammy Ní Laoire, múinteoir Gaeilge a d’eagraigh Gaeilge24 i gColáiste Éinde, Co. na Gaillimhe i 2017:

“Spreag Gaeilge24 an-spiorad go deo idir na daltaí agus na múinteoirí a ghlac páirt san ócáid i gColáiste Éinde sa Ghaillimh. Bhí spraoi agus craic ag baint leis an lá agus thug sé ardú céime don Ghaeilge, gan aon agó. Bhí bród mór le brath ó chách agus fiú dúirt múinteoirí nár ghlac páirt ann anuraidh gur bhreá leo a bheith rannpháirteach an chéad bhliain eile!”

Léiríonn Gaeilge24 do na daltaí nach ábhar scoile í an Ghaeilge, ach gur teanga laethúil í a úsáidtear ó cheann ceann na tíre, dar le Máirtín Ó Gormlaithe, múinteoir Gaeilge i Scoil an Leasa Mhóir, Co. Ard Mhacha, scoil a ghlac páirt anuraidh.

Beidh airgead á thiomsú ag na scoláirí scoile le híoc as na pacáistí tacaíochta a fhaigheann siad ar an lá, agus téann aon bhrabús ón lá i dtreo na carthanachta Conradh na Gaeilge chun tacú le cur chun cinn na teanga ar fud na hÉireann.

Bíonn deis ag pobal na Gaeilge ar fud an domhain páirt a ghlacadh sa dúshlán ar-líne tríd an haischlib #Gaeilge24 a úsáid ar Twitter.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.