Skip to main content

In Ainneoin Spéirling Ophelia, Tá Curiarracht Dhomhanda Bainte Amach ag Comhrá '17

Comhrá '17Iarracht ar churiarracht dhomhanda as an gcomhrá Gaeilge is faide riamh tagtha chun críche ar lá na spéirlinge

Tá níos mó ná míle duine in ocht dtír fud fad an domhain tar éis páirt a ghlacadh i gComhrá ’17. Cuireadh tús le Comhrá ’17 an Luan seo caite, 9 Deireadh Fómhair, i gClub Chonradh na Gaeilge agus tháinig sé chun críche inniu le daoine ó Mhuineachán, An Lú, Tiobraid Árann, Ciarraí & Baile Átha Cliath páirteach ar Google Hangout.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:

“Gabhaimid buíochas ó chroí agus comhghairdeas leis na grúpaí ar fad a ghlac páirt i gcaitheamh na seachtaine. Tá scoileanna dúnta inniu dar ndóigh maidir leis an spéirling, mar sin bhí an t-ádh orainn gur éirigh linn an Comhrá a choimeád beo. Taispeánann an churiarracht an bheocht agus paisean atá ann i measc na nGael ar fud an domhain leis an nGaeilge a chur chun cinn.”

Ghlac beagnach seachtó grúpa ón Eoraip, ón Áis, ó Mheiriceá Thuaidh,  agus ón Astráil páirt sa churiarracht. Craoladh an t-imeacht ar fad beo ar snag.ie don tseachtain. Bhí go leor grúpa in Éirinn páirteach chomh maith, RTÉ, TG4 & Ros na Rún ina measc.

Le stádas aimsire dearg ann don tír ar fad tá gach scoil agus ollscoil dúnta inniu. In ainneoin sin ghlac Cumann Gaelach DCU páirt sa chomhrá ó 20:00 aréir go dtí 08:00 ar maidin. Bíonn na Cumainn Ghaelacha lárnach sa churiarracht agus iad a ghlacadh na tréimhsí ama thar oíche ó bhliain go bliain.

Dúirt Síomha Ní Ruairc, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & na Feachtais Feasachta:

“Bímid i gcónaí an-bhuíoch de na mic léinn a ghlacann páirt i gcomhrá. Caithfimid buíochas faoi leith a ghabháil le Cumann Gaelach DCU a ghlac páirt aréir go dtí 8.00rn ar maidin agus leis na daoine a tháinig i gcabhair ag an nóiméad deireanach chun Comhrá ’17 a choimeád beo go dtí 1in inniu agus 171 uair an chloig de chomhrá gan stad a bhaint amach.”

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an gcuriarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá 247 sa bhliain 2013, áit ar baineadh 168 uair a’ chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a’ chloig cainte. An churiarracht a bhí ann go dtí inniu ná an ceann ó Chomhrá ’16 a baineadh amach anuraidh le 170 uair an chloig cainte.

With all schools and colleges being closed today due to Hurricane Ophelia the Comhrá ’17 timetable for this morning had to be altered significantly. The Conradh na Gaeilge team from all over the country have been chatting as Gaeilge live on snag.ie to ensure the record was achieved.  The ‘comhrá’ began last Monday morning in Club Chonradh na Gaeilge on Dublin’s Harcourt Street. Since then people all over the world have been using their cúpla focal to help achieve the world record attempt.

Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir of Seachtain na Gaeilge said:

“We’d like to thank everyone who has been part of Comhrá ’17. Of course, schools were unexpectedly closed today with the red weather warning as part of Hurricane Ophelia, so we were very lucky to be able to keep the ‘comhrá’ live. Lots of people have rallied together over the past few hours to help us reach the world record and we’re very thankful for that.”

Over a thousand people took part in Comhrá ’17 from Europe, Asia, North America, and Australia. They conversed together online as part of the Comhrá ‘17 world record attempt coordinated by Conradh na Gaeilge, and the non-stop conversation as Gaeilge was streamed live at www.snag.ie for the week.

Síomha Ní Ruairc, Sechtain na Gaeilge & Campaign Awareness Executive  said:

“The university societies are pivotal to the record attempt every year and we wouldn’t be able to achieve the record without them. A special mention has to go to DCU’s Irish language society who kept the conversation going last night until 08:00 this morning, and to the everyone who pitched in at the last minute to achieve 171 hours of non-stop chat as Gaeilge.”

Irish universities along with international groups fill the overnight slots while the technical side of things are controlled by the Conradh na Gaeilge team in Dublin. Conradh na Gaeilge initiated the first Irish-language world record attempt with Comhrá 247 in 2013, where Irish was spoken non-stop for 168 hours in October 2013, and the 2014 attempt Comhrá ’14 broke that attempt with 169 hours of back-to-back chat as Gaeilge. The record which was broken today was achieved last year with a 170 hour long conversation as part of Comhrá ’16.

END

FURTHER INFORMATION:

Brenda Ní Ghairbhí

Seachtain na Gaeilge & Awareness Campaigns Manager, Conradh na Gaeilge

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00353(0)86 364 9776

Orlaith Nic Ghearailt

Seachtain na Gaeilge & Awareness Campaigns Executive, Conradh na Gaeilge

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00353 (0)1 4757401

NOTE FOR THE EDITOR:

Conradh na Gaeilge is the democratic forum for the Irish-speaking community. The Conradh has over 200 branches and numerous individual members registered around the world, members that work hard to promote the use of Irish in their own areas. Conradh na Gaeilge’s main aim is to promote the use of Irish as the standard language in Ireland. Conradh na Gaeilge was established by Douglas Hyde, Eoin Mac Néill, and their colleagues on the 31st of July 1893. The organisation runs Irish-language courses; advocates for the language rights of Irish-speakers; raises awareness about the language; hosts the international Irish-language festival Seachtain na Gaeilge; manages the Irish-language information hub PEIG.ie and the Irish-language bookshop An Siopa Leabhar; supports Raidió Rí-Rá; and much more. More information: www.cnag.ie

_________________________________

IN AINNEOIN SPÉIRLING OPHELIA

TÁ CURIARRACHT DHOMHANDA BAINTE AMACH AG COMHRÁ ’17

Iarracht ar churiarracht dhomhanda as an gcomhrá Gaeilge is faide riamh tagtha chun críche ar lá na spéirlinge.

 

Tá níos mó ná míle duine in ocht dtír fud fad an domhain tar éis páirt a ghlacadh i gComhrá ’17. Cuireadh tús le Comhrá ’17 an Luan seo caite, 9 Deireadh Fómhair, i gClub Chonradh na Gaeilge agus tháinig sé chun críche inniu le daoine ó Mhuineachán, An Lú, Tiobraid Árann, Ciarraí & Baile Átha Cliath páirteach ar Google Hangout.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:

“Gabhaimid buíochas ó chroí agus comhghairdeas leis na grúpaí ar fad a ghlac páirt i gcaitheamh na seachtaine. Tá scoileanna dúnta inniu dar ndóigh maidir leis an spéirling, mar sin bhí an t-ádh orainn gur éirigh linn an Comhrá a choimeád beo. Taispeánann an churiarracht an bheocht agus paisean atá ann i measc na nGael ar fud an domhain leis an nGaeilge a chur chun cinn.”

Ghlac beagnach seachtó grúpa ón Eoraip, ón Áis, ó Mheiriceá Thuaidh,  agus ón Astráil páirt sa churiarracht. Craoladh an t-imeacht ar fad beo arsnag.ie don tseachtain. Bhí go leor grúpa in Éirinn páirteach chomh maith, RTÉ, TG4 & Ros na Rún ina measc.

Le stádas aimsire dearg ann don tír ar fad tá gach scoil agus ollscoil dúnta inniu. In ainneoin sin ghlac Cumann Gaelach DCU páirt sa chomhrá ó 20:00 aréir go dtí 08:00 ar maidin. Bíonn na Cumainn Ghaelacha lárnach sa churiarracht agus iad a ghlacadh na tréimhsí ama thar oíche ó bhliain go bliain.

Dúirt Síomha Ní Ruairc, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & na Feachtais Feasachta:

         

“Bímid i gcónaí an-bhuíoch de na mic léinn a ghlacann páirt i gcomhrá. Caithfimid buíochas faoi leith a ghabháil le Cumann Gaelach DCU a ghlac páirt aréir go dtí 8.00rn ar maidin agus leis na daoine a tháinig i gcabhair ag an nóiméad deireanach chun Comhrá ’17 a choimeád beo go dtí 1in inniu agus 171 uair an chloig de chomhrá gan stad a bhaint amach.”

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an gcuriarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá 247 sa bhliain 2013, áit ar baineadh 168 uair a’ chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarrachtComhrá ’14 é sin le 169 uair a’ chloig cainte. An churiarracht a bhí ann go dtí inniu ná an ceann ó Chomhrá ’16 a baineadh amach anuraidh le 170 uair an chloig cainte.

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Brenda Ní Ghairbhí

Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta, Conradh na Gaeilge

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00353(0)86 3649776

Orlaith Nic Ghearailt

Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta, Conradh na Gaeilge

00353 (0)85 7759639 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge;PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.