Skip to main content

Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Taoiseach idirghabháil dhíreach le cothrom na Féinne a chinntiú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2018

Tá Conradh na Gaeilge an-bhuartha faoin éagothroime a léiríodh i bhfógairt na gcáinaisnéise 2018 inniu agus gan ach soláthar de €2.5 mhilliún breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2018 ag teacht ó chiste na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

“Tá sciar maith den soláthar sin le dul ar an phleanáil teanga sa Ghaeltacht, agus tá sin le moladh, ach tá an Rialtas i ndiaidh 87 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a ligean síos óir nach bhfuil sé i gceist acu an plean infheistíochta a d’aontaigh na grúpaí a mhaoiniú go sásúil,” arsa an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

“D’fhéadfadh Plean Infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta breis is 1,150 post nua a chruthú agus líon mór deiseanna úsáide Gaeilge a chur ar fáil don phobal.”

“Nuair a chuirtear san áireamh go raibh arduithe suntasacha á n-éileamh ag ionadaithe na Roinne Gaeltachta agus ag an Aire Joe McHugh féin ar son na teanga, agus tá siad le moladh as an obair seo, is díomách an scéal é nach bhfuil soláthair mar is cuí á dhéanamh do Phlean Infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta sa cháinaisnéis do 2018. Dá réir, tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Taoiseach idirghabháil dhíreach a dhéanamh faoi phróiseas meastachán athbhreithnithe na Cáinaisnéise le cothrom na Féinne a chinntiú do phobal na teanga agus plean infheistíochta an phobail a mhaoiniú ina iomláine.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá éagothroime na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le feiceáil nuair a thógtar san áireamh maíomh na Roinne go bhfuil buiséad na Comhairle Ealaíon ardaithe 20% le trí bliana anuas agus €3 mhilliún sa bhreis tugtha don Chomhairle do 2018. Ag an am céanna, tá laghdú de 4.5% tagtha ar bhuiséad bonnlíne Fhoras na Gaeilge sa trí bliana ceanna agus níl ach soláthar de €2.5 mhilliún breise á chur ar fáil do Roinn na Gaeltachta do gach rud a bhaineann leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht an bhliain seo chugainn, dualgais reachtúla na pleanála teanga ar na pobail Gaeltachta san áireamh.”

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge: “Tá fearg agus frustrachas ar na comharchumainn Ghaeltachta nach bhfuil a dhóthain maoinithe á fháil acu lena gcuid oibre a dhéanamh ná le cíos agus costais a n-oifigí a íoc chun iad a riaradh mar is ceart. Tá na Scéimeanna Pobail Gaeilge ag streachailt leis an gcúigiú lá dá gcuid oibre a mhaoiniú, agus tá scéimeanna óige agus eile de chuid Fhoras na Gaeilge á laghdú bliain i ndiaidh bliana de bharr easpa airgid agus easpa leanúnachais. Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil sé thar am don Rialtas agus do na húdaráis stáit trí chéile cearta teanga an phobail a aithint agus infheistíocht mar is ceart a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht ó thaobh acmhainní airgid, daonna, agus measa de.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Taoiseach Leo Varadkar crioscaíl a dhéanamh agus cruachás phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a réiteach tríd an bplean infheistíochta agus tríd an bpleanáil teanga a mhaoiniú ina n-iomláine faoi phróiseas meastachán athbhreithnithe na Cáinaisnéise.

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.