Skip to main content

Grúpaí Gaeilge ó Dhún na nGall go Doha Páirteach i nDúshlán Comhrá

Comhrá i gCeanadaBreis is 60 grúpa rannpháirteach sa chomhrá leanúnach Gaeilge is faide riamh, Comhrá ’17, a mhairfidh 171 uair an chloig gan stad

Tá tús curtha leis an gcuriarracht dhomhanda don chomhrá Gaeilge leanúnach is faide riamh inniu Dé Luain, 9 Deireadh Fómhair 2017. Mairfidh Comhrá ’17 seachtain, ó 9.00rn Dé Luain 9 Deireadh Fómhair 2017 go dtí 1.00in Dé Luain, 16 Deireadh Fómhair 2017.

Tá an comhrá Gaeilge gan stad á shruthú beo ar snag.ie ar feadh 171 uair a’ chloig as a chéile, agus beidh deis ag an bpobal ar fud an domhain páirt a ghlacadh sa chaint ar líne agus an haischlib #Comhrá17 a úsáid ar Twitter.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge:

“Tá cumainn Ghaelacha tríú leibhéal, scoileanna, clubanna CLG, ciorcail chomhrá, stáisiúin raidió, institiúidí oideachais, agus go leor grúpaí pobail eile ag déanamh a gcuid cainte ar son na curiarrachta seo. I measc na ndreamanna thar sáile atá ag glacadh páirte i mbliana, tá Conradh na Gaeilge Chathair na nAingeal in California, An Ghaeltacht-sur-Seine i bPáras na Fraince agus Gaeilgeoirí Doha sa Chatar.”

Tá mír nua sa sceideal i mbliana agus Comhrá TV ag craoladh beo ag 12.00 meánlae gach lá Luan go hAoine ó ionaid éagsúla ar nós RTÉ Digiteach, seit Ros na Rún, an chomhdháil óige Zeminar agus Ceanncheathrú TG4.

Dúirt Síomha Ní Ruairc, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta:

“Tá Comhrá TV dírithe ar scoileanna agus tá súil againn go gcuirfidh sé leis an lucht féachana ar www.snag.ie le linn na seachtaine. Tá súil againn go mbeidh na craoltaí speisialta ina n-acmhainní is díol spéise do mhúinteoirí agus daltaí scoile, ní hamháin le linn Comhrá ’17 ach ina dhiaidh freisin.”

Tá amanna fós ar fáil do ghrúpaí ar suim leo páirt a ghlacadh i gComhrá ’17. Is féidir amharc ar amchlár Comhrá ’17 agus foirm chlárúcháin a chomhlánú ar www.snag.ie/comhra.

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an gcuriarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá 247 sa bhliain 2013, nuair a baineadh amach 168 uair an chloig cainte gan stad i mí Dheireadh Fómhair 2013. Sháraigh curiarracht Comhrá '16 na bliana seo caite é sin le 170 uair an chloig cainte.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.