Skip to main content

Seolann an tAire Cumarsáide Aip Nua Raidió Rí-Rá, An Chéad & An tAon Chairtstáisiún Gaeilge in Éirinn

Seoladh Aip Raidió Rí-Rá leis an Aire Denis Naughten TD & le daltaí Choláiste ChiaráinFilleann Aire Naughten ar a chontae dúchais leis an aip raidió Ghaeilge a sheoladh i gColáiste Chiaráin Summerhill

Sheol an tAire Denis Naughten TD an aip is déanaí de chuid Raidió Rí-Rá, cairtstáisiún náisiúnta lánGhaeilge na hÉireann do dhaoine óga, i gColáiste Chiaráin Summerhill, Baile Átha Luain, Co. Ros Comáin, ag 1.50in inniu, Dé hAoine, 15 Meán Fómhair 2017. Tá fáil ar aip Raidió Rí-Rá saor in aisce le híoschóipeáil ar Android agus ar iOS ón lá inniu ar aghaidh.

Ag labhairt ag seoladh na haipe ina chontae dúchais, dúirt an tAire Cumarsáide, Gníomhaíochta Aeráide & Comhshaoil, Denis Naughten TD:

“Tá ríméad orm an aip nua seo a sheoladh thar cheann Raidió Rí-Rá, an chéad agus go deimhin an t-aon chairtstáisiún Gaeilge in Éirinn, óir éascaíonn sé an teacht atá ag daoine ar an ógstáisiún náisiúnta seo ar réimse ardán atá de shíor ag fás.

“Tá ról lárnach ag Raidió Rí-Rá ag iarraidh deiseanna a chur ar fáil do dhaoine le héirí gafa leis an nGaeilge lasmuigh den seomra ranga, ag léiriú bhrí agus bheocht na teanga mar aon lena tábhacht sa saol nua-aimseartha. Ní hamháin go bhfaigheann cainteoirí óga Gaeilge an deis a gclár féin a chur i láthair ar Raidió Rí-Rá, ach áirítear amhráin as Gaeilge ó réaltaí Éireann agus idirnáisiúnta araon ar sheinnliostaí an stáisiúin, leithéidí Ed Sheeran agus Kodaline ina measc.

“Is céim chun tosaigh é aip nua an ógstáisiúin, a raibh dúil mhór léi agus a chuirfidh ar chumas an stáisiúin lucht éisteachta i bhfad Éireann níos leithne a shroicheadh. Táim ag tnúth le fás, forbairt agus dul chun cinn Raidió Rí-Rá a fheiceáil amach anseo.”

Bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh 24/7 ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne ar-líne ag www.rrr.ie faoi láthair, agus is féidir teacht ar an stáisiún leis an aip is déanaí ar Android agus ar iOS anois freisin. Bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh ar an gcóras digiteach DAB in áiteanna áirithe chomh maith, agus tá súil ag an stáisiún lucht éisteachta fiú níos leithne a aimsiú amach anseo.

Dúirt Niamh Ní Chróinín, Bainisteoir Raidió Rí-Rá:

“Cuireann Raidió Rí-Rá seirbhís iontach ar fáil dóibh siúd ar mian leo tuilleadh dá gcuid Gaeilge a úsáid, go háirithe daoine óga. Tá súil againn an stáisiún a chur i mbun craolacháin ar FM ar fud na tíre amach anseo, ach idir an dá linn, táimid an-sásta go mbeidh teacht ag tuilleadh daoine ar Raidió Rí-Rá tríd an aip nua.

“Bíonn an meascán is fearr den tsiamsaíocht agus den cheol is úire ó na cairteacha ag Raidió Rí-Rá, le gach rud á chur i láthair trí mheán na Gaeilge ag ár bhfoireann iontach de láithreoirí óga.”

Is féidir aip Raidió Rí-Rá a íoschóipeáil saor in aisce ón Apple iStore agus ón nGoogle Playstore, nó is féidir éisteacht ar-líne ag www.rrr.ie tríd an mbliain.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a chasann an ceol is déanaí ó na cairteacha agus a bhíonn ag craoladh go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Is féidir cluas a chur le Raidió Rí-Rá ar-líne ag www.rrr.ie, ar ghutháin chliste Android agus iOS leis an aip is déanaí, agus ar DAB ó cheann ceann na bliana.

Áirítear mic léinn tríú leibhéal agus dara leibhéal ó cheann ceann na tíre i measc láithreoirí Raidió Rí-Rá, agus meallann an t-ógstáisiún oibrithe deonacha le spéis i gcúrsaí raidió, le spéis sa Ghaeilge, agus cainteoirí dúchais mar aon le hiarscoláirí de scoileanna Béarla agus de scoileanna lánGhaeilge araon.

Reáchtálann Raidió Rí-Rá ceardlanna for-rochtana do scoileanna agus do chlubanna óige, áit a chuirtear oiliúint bhunúsach ar dhaltaí bunscoile agus meánscoileanna i dtaobh scileanna raidió agus a thugtar deis do na daoine óga seo éirí gafa leis an nGaeilge ar bhealach praiticiúil.

Tugann comhoibriú Raidió Rí-Rá le RTÉ 2fm ar an albam bliantúil CEOL ardán do cheoltóirí óga le hamhráin a chumadh i nGaeilge do lucht éisteachta idirnáisiúnta chomh maith.

Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X Teoranta le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, maoinithe ag An Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta, agus is é Digital Radio Ltd an cuideachta oibríoch. Tuilleadh eolais: www.rrr.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.