Skip to main content

Ó Ghuth go Gníomh: Fóraim Ghnímh sna Gaeltachtaí

Fóraim Ghnímh sna GaeltachtaíComhrá Mór ar camchuairt le gníomhartha a aontú leis an bpobal chun breis acmhainní a chinntiú don Ghaeltacht, don Ghaeilge

Ag éirí as moladh a rinneadh ag an gcéad Chomhrá Mór, tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge fóraim ghnímh Ghaeltachta a éascú i nDún na nGall, i nGaillimh, agus i gCiarraí oíche amárach, Dé Máirt, 12 Meán Fómhair 2017 ag 8.00in.

Pléifear an gá le hinfheistíocht sa Ghaeltacht agus na gníomhartha ar féidir leis an bpobal a ghlacadh le teacht uirthi ag na fóraim ghnímh Ghaeltachta. Beidh deis ag an lucht freastail plé a dhéanamh ar an obair reatha atá ar siúl sa Ghaeltacht chomh maith, lena n-áirítear nithe ar nós na pleanála teanga, an pholasaí oideachais Gaeltachta, agus eile.

Labhróidh Páidí Ó Sé, Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, ag an gcruinniú san Óstán Heights i gCill Airne, Co. Chiarraí; is í Cathy Ní Ghoill, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Árann, cainteoir an chruinnithe ag an Seanscoil Sailearna in Indreabhán, Co. na Gaillimhe; agus beidh Dónal Ó Cnáimhsí, Comharchumann Ghaoth Dobhair, ag caint ag an gcruinniú sa Chrannóg i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

Craolfar caint leis an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, beo ar-líne ag na trí chruinniú éagsúla ag tús na hoíche, agus deir sé:

“Is deis iad na fóraim ghnímh sna Gaeltachtaí agus An Comhrá Mór guth an phobail a tabhairt chun suntais, agus a neartú, trí theachtaireacht agus trí ghníomhartha fiúntacha a aontú le chéile leis an teanga a chur chun cinn. Idir An Comhrá Mór agus laethanta stocaireachta #SEAS17, tá súil againn an pobal a ghríosú le labhairt lena bpolaiteoirí áitiúla agus infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht a chur go cinnte ar chlár na n-údarás roimh chinntí na gcáinaisnéisí.”

Tá na fóraim ghnímh sna Gaeltachtaí á reáchtáil ag an gConradh i gcomhar le Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta mar chuid de mhórfheachtas náisiúnta ar son na teanga, An Comhrá Mór, a thosaigh le hollchruinniú gnímh i mBaile Átha Cliath ar 10 Meitheamh 2017. Reáchtálfar an dara ollchruinniú gnímh san Óstán Academy Plaza san ardchathair ar 23 Meán Fómhair 2017, agus fáiltítear roimh chách clárú don lá ag www.cnag.ie/comhramor.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Tá deis ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta brú a chur ar a bpolaiteoirí féin infheistíocht don teanga a chinntiú trí ghlaoch orthu, trí bhuaileadh leo ag clinicí na bpolaiteoirí, agus trí ríomhphost nó tvuít phearsanta a sheoladh chucu. Tá moladh faoi leith ag dul do gach duine a labhair lena n-ionadaithe áitiúla maidir leis an cheist seo cheana féin, ach is gá leanúint leis an mbrú, go háirithe ó dheas agus an Cháinaisnéis ag teannadh orainn go gasta - ní neart go cur le chéile.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar na húdaráis thuaidh theas Plean Infheistíochta Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta – arna aontú ag 87 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – a mhaoiniú láithreach mar ábhar práinne. Beidh béim ar leith á leagan ar an infheistíocht seo ag #SEAS17, seisiún eolais agus spreagtha do pholaiteoirí arna reáchtáil ag Conradh na Gaeilge in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath ar 4 Deireadh Fómhair 2017.

Chruthódh an plean infheistíochta breis is 1,150 post nua, chuirfeadh sé acmhainní riachtanacha ar fáil don phleanáil teanga, agus chuirfeadh sé iomaí deiseanna ar fáil don phobal fud fad na tíre leis an nGaeilge a úsáid. Tá gach eolas maidir le Plean Infheistíochta Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta ar fáil ag www.cnag.ie/pleang.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.