Cumhacht don Phobal Á Lorg Leis An Straitéis 20 Bliain A Chur I bhFeidhm

Bhí ionadaíocht láidir ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i láthair ag cruinniú arna eagrú ag Conradh na Gaeilge san Óstán Menlo, Gaillimh Dé hAoine (01 Feabhra 2013), ollchruinniú ónar eascair éileamh chun struchtúr riachtanach ardleibhéil a chur ar bun chun a chinntiú go n-aithnítear pobal na teanga mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá ról ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na gcinntí a thagann ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ach níl aon ról nó ionadaíocht ag an bpobal sa struchtúr reatha a ghlacann na cinntí féin.

"Is mór an difear atá idir comhairliúchán agus ionchur coincréiteach sna cinntí a ghlactar: ní leor dul i mbun comhairle le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mura bhfuil ionadaíocht ag an bpobal sin ar an mbord a dhéanann na cinntí maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise."

Tarlaíonn sé in earnálacha éagsúla go n-aithnítear na geallsealbhóirí agus go mbíonn ionadaíocht acu ag an mbord a ghlacann na cinntí móra, agus tá an t-aitheantas agus an ionadaíocht chéanna á lorg ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Lean Ó hAodha: "Níl aon chuid den struchtúr reatha chun An Straitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm a aithníonn ríthábhacht ionchur an phobail agus a chinnteoidh go mbeidh an Straitéis curtha i bhfeidhm ón mbun aníos. Dá réir, níl pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an talamh á thabhairt san áireamh nuair atá cinntí tromchúiseacha, tábhachtacha á nglacadh agus is léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil seilbh ar an Straitéis á cailliúint ag an bpobal."

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le chéile agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach, éifeachtúil i gceist ón mbun aníos. Thiocfadh leis an Aonad Pleanála teacht roimh fhadhbanna trí aontas a fháil ar cheisteanna móra a bheidh tionchar acu ar an bpobal, áit a chuirfeadh na coistí idir-rannacha tuairiscí os comhair an Aonaid Phleanála agus dhéanfaí cinntí ansin, a bheadh molta don Aire Gaeltachta le glacadh nó le diúltú leo.

Léirigh an cruinniú gur cúis mhór imní í i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, an cinneadh a ghlac An Roinn Oideachais agus Scileanna le déanaí leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM).

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Is ionann an cinneadh seo chun COGG a chur faoin CNCM agus ionsaí eile ar institiúidí Gaeilge a bhfuil an-mhuinín ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta astu, ach creideann Conradh na Gaeilge go láidir nach mbeadh an oiread sin fadhbanna le hAcht na Gaeltachta, le haistriú Oifig an Choimisinéara Teanga, le haistriú COGG agus eile más rud é gur pléadh agus gur aontaíodh na cinntí seo roimh ré, le tuairimí na n-údarás agus an phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta araon san áireamh.

"Tá ag teipeadh ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mórán tionchar a imirt ar an bpobal toisc nach bhfuil ceannasaíocht ná úinéireacht ag an bpobal Gaeilge agus Gaeltachta ar a cur i bhfeidhm; níl ionadaíocht ag an bpobal ar na boird a dhéanann na cinntí maidir leis an reachtaíocht teanga agus dá réir, níl an saineolas ná taithí an phobail ar an talamh ag baint le cinntí an Rialtais chun na húdaráis a threorú sa treo ceart chun an Ghaeilge a chothú mar is cóir."

Bhí aontas sa chruinniú go gcaithfear an bearna idir an pobal agus an chumhacht a dhúnadh maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus chuige seo, bhí an cruinniú ag éileamh go n-aithneofar an pobal Gaeilge agus Gaeltachta mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise; go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an Straitéis le chéile; agus go n-éascódh an struchtúr riachtanach ardleibhéal seo an chumarsáid agus an comhoibriú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

15.00 Fáilte ó Cathaoirleach an Chruinnithe
- Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí, Glór na nGael

15.10 Todhchaí na Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30: staid reatha, droch-chinntí glactha, COGG, éileamh déanta
- Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge

15.30 Conas tionchar a imirt ar pholaiteoirí na tíre
- Harry McGee, Comhfhreagraí Polaitiúil, Irish Times

15.50 Plé agus moltaí ón urlár ar an mbealach chun tosaigh

16.30 Moltaí a chuimsiú

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Déanfaidh an tAontas freastal ar éilimh ghluaiseacht na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann sna sála ar fhógra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) go mbeadh ar Fhoras na Gaeilge iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach ó "Eagras amháin (nó b'fhéidir líon teoranta eagras, [...]), le ról ionadaíochta, scaipeadh eolais, abhcóideachta agus soláthar acmhainní agus tacaíocht, don earnáil go hiomlán" ar an 02 Nollaig 2009.

Leanfaidh Aontas Phobal na Gaeilge leis an obair reatha atá ar bun ag eagrais chomhaontaithe an Aontais, agus cuirfear leis an gclár oibre sin. Forbrófar ar an obair reatha stocaireachta agus abhcóideachta; leagfar béim ar thábhacht an aistriú teanga ó ghlúin go glúin; eagrófar scothfhéilte náisiúnta a dhéanfaidh an Ghaeilge a cheiliúradh go poiblí; reáchtálfar comórtais teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta; cinnteofar deiseanna forleathan foghlamtha Gaeilge; agus cothófar deiseanna nuálacha úsáidte teanga. Seo a leanas cuspóirí straitéiseacha Aontas Phobal na Gaeilge:

1. Comhphlean, struchtúr, acmhainní daonna agus fisiciúla a chinntiú d'fheidhmiú an Aontais;
2. Cumas labhartha agus foghlama, seachadadh agus sealbhú na Gaeilge a fheabhsú agus a neartú;
3. Úsáid na Gaeilge i measc an phobail a mhéadú;
4. Stádas, íomhá, cearta agus feasacht na Gaeilge a aithint agus a leathnú;
5. An t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin ar bhonn uile-Éireann a chothú; an Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt; agus gréasáin Ghaeltachtaí nua a fhorbairt mar thearmainn teanga.

Cuireann Aontas Phobal na Gaeilge luach ar shaothar dhaoine deonacha na hearnála agus cinnteofar tacaíocht ghairmiúil saineolach leanúnach d'oibrithe deonacha, móide fóram neamhspleách mar thacaíocht don sár-obair a thugann an duine deonach faoi, ar son na Gaeilge. www.aontaspg.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge