Skip to main content

Ag Seasamh Le Chéile d’Acht Gaeilge Neamhspleách

Ag Seasamh Le Chéile dAcht Gaeilge5 Pháirtí ag seasamh taobh le taobh chun tacú le héileamh an phobail d’Acht Gaeilge neamhspleách agus tromlach stairiúil CTR (50/90) anois ag tacú leis an fheachtas

I láthair ag an ócáid ghrianghraif ag Conradh na Gaeilge i mBéal Feirste inniu tá Paula Bradshaw MLA (Alliance), Steven Agnew MLA (Green Party), Gerry Carroll MLA (PBP), Nicola Mallon MLA (SDLP), Gerry Adams TD (Sinn Féin) mar aon le hUachtarán an Chonartha Dr Niall Comer, agus iad ar fad ag seasamh le chéile d’Acht Gaeilge neamhspleách.

Don chéad uair tá ionadaithe tofa ó 5 pháirtí ag teacht le chéile le Conradh na Gaeilge chun a dtacaíocht ar son Acht Gaeilge neamhspleách a léiriú.

Dúirt Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá teachtaireacht an lae inniu iontach soiléir: tá tacaíocht leathan, traspháirtí, tromlaigh ann d’Acht Gaeilge neamhspleách. Bhí cruinnithe leanúnacha ag Conradh na Gaeilge leis na páirtithe go dtí seo, agus tá cúig pháirtí (Alliance, Green Party, PBP, SDLP, Sinn Féin) ag seasamh linn inniu chun tacaíocht a léiriú d’Acht Gaeilge neamhspleách; is ionann an tacaíocht sin agus 50/90 CTR sa Tionól, tromlach stairiúil don chéad uair riamh. Chuige sin, éilíonn Conradh na Gaeilge ar na páirtithe siúd atá go fóill ag cur in éadan Acht Gaeilge neamhspleách machnamh a dhéanamh athuair ar an seasamh atá acu ar an cheist agus an deis seo chun athruithe a bhaint amach a aithint. Ba mhian le Conradh na Gaeilge buíochas a ghabháil le gach páirtí atá ag seasamh le chéile agus linn inniu ar mhaithe lena dtacaíocht go dtí seo ach éilíonn orthu an fód a sheasamh le chéile amach anseo, leis an phobal agus ar son an phobail, agus na cainteanna réidh le toiseach go luath."

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Tháinig breis agus 20,000 duine chun sráide idir Béal Feirste, Iúr Cinn Trá agus Doire ó bhí an Nollaig ann i mbliana chun Acht Gaeilge a éileamh. Is í tacaíocht na bpáirtithe seo inniu toradh an fheachtais seo, feachtas iontach, pobal-bhunaithe atá ag teacht díreach ó na sráideanna sin agus ón phobal féin. Le linn an chomhairliúcháin is déanaí ar cheist seo an Achta a rinneadh in 2015, bhí 94.7% de bhreis agus 13,000 freagra ag tacú le hAcht Gaeilge.

“Léiríonn an tacaíocht áitiúil seo, ón phobal agus ó na páirtithe araon, taobh le tacaíocht Rialtas na hÉireann, tacaíocht Chomhairle na hEorpa agus na Náisiún Aontaithe, mar aon leis an Choimisiún um Chearta an Duine TÉ, léiríonn an tacaíocht sin ar fad an t-éileamh leathan domhanda do reachtaíocht cosanta don Ghaeilge.

“Tá pobal na Gaeilge ag fanacht ró-fhada le comhlíonadh an ghealltanais a tugadh dúinn ag Cill Rímhinn – inniu seasann muid le chéile ar d’athrú ceart. Acht Anois.”

**Seolfar amach pictiúir ón ócáid níos moille inniu agus beidh lánchead na pictiúir siúd a fhoilsiú nó is féidir teagmháil a dhéanamh le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. **

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.