Skip to main content

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh phlé oscailte, freasúracht an UUP ann go fóill in ainneoin go bhfuil “cosaintí de dhíth”

Doug Beattie MLA & Robin Swann MLA le toscaireacht Chonradh na GaeilgeBuaileann toscaireacht Chonradh na Gaeilge le Robin Swann & an UUP chun Acht Gaeilge a phlé den chéad uair inniu

Bhuail toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge le Robin Swann, ceannaire Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP), ag Stormont tráthnóna inniu (10 Lúnasa 2017).

I láthair ag an chruinniú inniu ar son Chonradh na Gaeilge, bhí Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta; agus Pádraig Ó Tiarnaigh, Feidhmeannach Cosanta Teanga agus Cumarsáide. Bhí Robin Swann, ceannaire an UUP, mar aon le Doug Beattie CTR agus Stephen Barr, Oifigeach Polasaithe, i láthair thar cheann Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP).

Is í seo an chéad uair ar ghlac an UUP le cuireadh Chonradh na Gaeilge chun cruinnithe maidir le hAcht Gaeilge cé gur fhreastail Philip Smith, iar-leas-cheannaire an UUP, ar lá stocaireachta SEAS ’16 le Conradh na Gaeilge ag Óstán Stormont i mí Dheireadh Fómhair 2016. Bhí cruinnithe ag Conradh na Gaeilge leis an DUP, le Sinn Féin, leis an SDLP, leis an Alliance, le PBP, agus leis an Chomhaontas Glas ar cheist an Achta go dtí seo.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge

“Bhí Conradh na Gaeilge sásta gur ghlac an UUP leis an chuireadh seo chun suí síos linn le cúrsaí reachtaíochta don Ghaeilge a phlé den chéad uair. Ag an phointe seo, tá muid i ndiaidh sraith fhada de chruinnithe a dhéanamh le beagnach gach páirtí agus tá cúig pháirtí ag tacú le héileamh an phobail d’Acht Gaeilge ceart-bhunaithe neamhspleách, ina measc an Alliance, an Comhaontas Glas, Daoine Roimh Bhrabús, an SDLP, agus Sinn Féin. Is ionann sin agus tromlach de 50 as 90 CTR sa Tionól den chéad uair riamh.

“Is léiriú é cruinniú an lae inniu leis an UUP – móide an tacaíocht atá ann cheana féin – de chumhacht an fheachtais phobail-bhunaithe seo ina bhfuil cearta, cothromas agus cóir á lorg don teanga.

“Cé gur léirigh an páirtí UUP go bhfuil meas acu ar an teanga agus ar phobal a labhartha, gur dlúthchuid dár bhféiniúlacht anseo í, agus – níos tábhachtaí fós – go bhfuil cosaintí de dhíth, níl siad ag tacú leis an éileamh ar son Achta Ghaeilge.

“Tá pobal na Gaeilge ag fanacht ró-fhada ar an stát le reachtaíocht a thabhairt isteach a dhéanfaidh cosaint ar na cearta daonna seo i leith na teanga; anois am don ghníomh. Tá muid ag éileamh ar an UUP agus ar na páirtithe eile ar fad teacht le chéile agus tacaíocht a thabhairt do na moltaí seo atá déanta ag Conradh na Gaeilge, agus reachtaíocht um chosaint agus um fhorbairt na teanga a thabhairt isteach, de réir mholtaí Chomhairle na hEorpa, na Náisiún Aontaithe, agus Choimisiún TÉ um Chearta an Duine, faoi mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn breis agus deich mbliana ó shin.”

Tá cóip de phlé-cháipéis Chonradh na Gaeilge ar chostas an Achta le fáil anseo

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.