Skip to main content

Chéad Eolaire Gnó Gaeilge do Ghutháin Ar Aip PEIG.ie

Eolaire Gnó PEIGSeolfar an tEolaire Gnó ar aip PEIG.ie le tóraíocht taisce le seirbhísí Gaeilge a lorg & deis dearbhán a bhuachan don Phop Up Gaeltacht

Beidh an chéad Eolaire Gnó Gaeilge do ghutháin chliste ar fáil in aisce ar aip PEIG.ie ó 7.30rn, Déardaoin, 27 Iúil 2017.

Is féidir le húsáideoirí seirbhís as Gaeilge a chuardach de réir catagóire, de réir cúige agus contae, nó trí sheirbhís a aimsiú ar an léarscáil idirghníomhach ar aip PEIG.ie. Tá rogha ann seirbhísí gar duit a lorg freisin trí leas a bhaint as GPS an fhóin.

Deir Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is seirbhís saor in aisce í seo atá á soláthar ag Conradh na Gaeilge don phobal, agus is áis eolais iontach luachmhar é an tEolaire Gnó ar aip PEIG.ie do dhaoine atá ag iarraidh teacht ar sheirbhísí i nGaeilge fud fad na tíre. Tá súil againn go spreagfaidh sé gnólachtaí le tuilleadh seirbhísí trí Ghaeilge a thairiscint dá gcustaiméirí fosta.”

Tá os cionn 120 gnólacht tar éis seirbhísí Gaeilge a chlárú le PEIG cheana féin go dtí seo. Is féidir le gnólachtaí eile a gcuid seirbhísí Gaeilge a chlárú ag eolaire.peig.ie nó trí aip PEIG.ie.

Faigheann gach gnólacht a chláraíonn le hEolaire Gnó PEIG pacáiste tacaíochta d’acmhainní éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar an láthair oibre, agus leis an bpobal a chur ar an eolas go bhfuil seirbhís trí Ghaeilge ar fáil dóibh.

Deir Louise Ní Fhearghail, Comhordaitheoir PEIG le Conradh na Gaeilge:

“Tá airgead le caitheamh ag Gaeilgeoirí na tíre seo, agus b’fhearr lena bhformhór a gcuid euro agus a gcuid punt a chaitheamh ar ghnólachtaí a chuireann an teanga chun cinn. Ciallaíonn sé seo gur féidir le gnólachtaí custaiméirí breise a mhealladh trí leas a bhaint as an nGaeilge mar ghné dhíolacháin uathúil, agus trí na seirbhísí sin a phoibliú ar Eolaire Gnó PEIG gan pingin rua a chaitheamh.

“Agus an tEolaire Gnó ina chroíchuid chomhtháite d’aip PEIG.ie anois, beidh sé níos fusa ná riamh do chustaiméirí atá ar lorg seirbhísí i nGaeilge agus iad amuigh i mbun siopadóireachta, a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.”

Ní raibh an tEolaire Gnó ach ar fáil ar an suíomh ag eolaire.peig.ie go dtí seo, ach seolfar an tEolaire Gnó ar aip PEIG.ie le tóraíocht taisce poiblí ar lorg seirbhísí Gaeilge sa phríomhchathair níos déanaí inniu (27 Iúil 2017). Tá an tóraíocht oscailte do chách agus cuirfear fáilte roimh rannpháirtithe ón bpobal bualadh le chéile ag oifigí Chonradh na Gaeilge ag 7.30in agus roinnfear i bhfoirne de cheathrar iad. Tabharfar leideanna beo do na foirne ar Twitter chun teacht ar sheirbhísí i nGaeilge ar fud na cathrach, agus beidh an haischlib #EuroGaelach in úsáid. Dearbhán deochanna ar luach €100 don Phop Up Gaeltacht i Zozimus an oíche chéanna a bheidh mar dhuais don fhoireann is tapúla.

Má tá aip PEIG.ie agat cheana gheobhaidh tú fógra le huasdátú a dhéanamh air ar 27 Iúil 2017. Is féidir le húsáideoirí nua aip PEIG.ie a íoschóipeáil in aisce ó Google Play nó ón App Store.

D’fhorbair an comhlacht Pangr aip PEIG.ie, arna chomhordú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

5 Chúis Ar Chóir Clárú le hEolaire Gnó PEIG:

  1. Faigheann gach gnólacht a chláraíonn pacáiste tacaíochta d’acmhainní éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
  2. Tá buntáiste eacnamaíochta breise ag gabháil leis an teanga: is fiú breis ‘s €136 milliún d’eacnamaíocht na Gaillimhe amháin í!
  3. Tacaíonn an teanga le cruthú fostaíochta anseo in Éirinn.
  4. Is gné uathúil dhíolacháin (USP) í an Ghaeilge.
  5. Seasann gnólachtaí le Gaeilge amach agus meallann idir thurasóirí agus chustaiméirí áitiúla araon.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.