Skip to main content

32 Gheo-Scagaire Snapchat As Gaeilge

Geo-Scagairí Gaeilge SnapchatGeo-Scagairí Pobail arna dhearadh ag an bpobal ar fáil as Gaeilge i ngach contae anois, féach gach ceann den 32 dearadh anseo

Bhí Geo-Scagairí Pobail as Gaeilge le feiceáil ar Snapchat den chéad uair riamh an tseachtain seo. Arna dhearadh ag pobal Snapchat na hÉireann ar fud na cruinne, chuir Conradh na Gaeilge na dearaí faoi bhráid Snapchat agus tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil geo-scagairí pobail ar fáil i nGaeilge i ngach ceann den 32 chontae anois.

Is féidir le duine ar bith Geo-Scagaire Pobail a chur faoi bhráid Snapchat trí imeacht go suíomh na ngeo-scagairí agus ‘Community’ a ghligleáil. Ní mór duit na treoracha agus na treoirlínte ansin a léamh, an ceantar tíreolaíochta inar mian leat go mbeidh an geo-scagaire ar fáil a roghnú, agus an dearadh a uaslódáil. Má cheadaíonn Snapchat an geo-scagaire, beidh lucht Snapchat sa cheantar máguaird in ann é a úsáid lena suíomh a chur in iúl. Cruthaíodh na milliúin geo-scagaire do chathracha, do bhailte, do shéadchomharthaí, agus d’áiteanna eile ar fud na cruinne ó thángthas ar an bhfód ar Snapchat trí bliana ó shin.

Deir Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha le Conradh na Gaeilge:

“Níl mórán daoine ar an eolas gur chruthaigh baill de phobal Snapchat féin go leor de na geo-scagairí a bhíonn in úsáid ar an aip agus suntas speisialta ag na háiteanna sin dóibhsan. Ciallaíonn sé seo gur féidir le Gaeilgeoirí in áit ar bith dearaí a chur isteach as Gaeilge!

“Fuaireamar roinnt iarratas dochreidte, arna chruthú ag dearthóirí iontacha ó cheann ceann na tíre agus ó cheithre airde na cruinne fiú. Bhí sé ar fheabhas sár-iarracht phobal Snapchat na hÉireann a fheiceáil agus na geo-scagairí pobail seo á gcruthú acu as Gaeilge, agus go deimhin an fháilte ollmhór a cuireadh roimh na dearaí an tseachtain seo.”

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh úsáideoirí a spreagadh chun tuilleadh geo-scagairí pobail a chur isteach i nGaeilge dá mbailte, dá sráidbhailte, agus dá gcathracha féin ar fud an domhain. Is féidir treoirlínte maidir le Geo-Scagairí Pobail a chur faoi bhráid Snapchat a léamh anseo.

Is féidir Geo-Scagairí Ar Éileamh a cheannach ó shuíomh Snapchat freisin. Déanann na mílte duine na dearaí Snapchat seo a chruthú dá n-ócáidí speisialta féin, gealltanais phósta agus bainiseacha, cóisirí, saoirí, agus bronntaí céime ina measc. Níl fáil orthu seo faoi láthair ach sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Astráil, sa Bhrasaíl, san Araib Shádach, agus in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha áfach.

32 Chontae de Gheo-Scagairí Snapchat as Gaeilge: http://bit.ly/32Gaelsnap

Lean Conradh na Gaeilge ar Snapchat! Cuardaigh: CnaGaeilge

Staitisticí Snapchat

  • Tá 166 milliún Úsáideoirí Gníomhacha Laethúla ag Snapchat
  • Cruthaítear níos mó ná 3 billiún Snap in aghaidh an lae
  • Breathnaíonn úsáideoirí Snapchat ar Snapanna le Geo-Scagairí níos mó ná billiún uair in aghaidh an lae

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.