Scagairí tíreolaíochta ina dteanga féin don tír is mó úsáid Snapchat
Tá scagairí tíreolaíochta as Gaeilge do gach contae in Éirinn á rolladh amach ag Snapchat inniu (Dé Máirt, 1 Lúnasa 2017). Is mar chuid d’fheachtas Gaelsnap Chonradh na Gaeilge atá na scagairí tíreolaíochta Gaeilge á gcur ar fáil, feachtas a chuaigh ar lorg dearaí Gaeilge do gach ceann de na 32 contae.
Is í Éire an tír is mó úsáid Snapchat de réir chéatadán na ndaoine fásta a bhaineann úsáid as i ngach margadh, agus fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh sheoladh na scagairí tíreolaíochta Gaeilge ar an aip Snapchat inniu.
Deir Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Ós rud é gurb iad na hÉireannaigh is mó a úsáideann Snapchat, is iontach an rud é go bhfuil na scagairí tíreolaíochta as Gaeilge á rolladh amach d’úsáideoirí na hÉireann inniu. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Snapchat as an gcomhoibriú, agus leis na dearthóirí ar fad a rinne éacht lena gcuid dearaí.”
Arsa Orlaith Nic Ghearailt, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge:
“Tá níos mó deiseanna ná riamh ag daoine an Ghaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta, agus táimid ar bís go bhfuil fáil anois ar scagairí tíreolaíochta Snapchat i nGaeilge. Tá Facebook, Twitter agus Gmail ar fáil as Gaeilge cheana féin, mar sin tá sé ar fheabhas gur féidir Snapchat a chur le liosta na ngnóthaí idirnáisiúnta ag baint leasa as an nGaeilge freisin. Tá súil ag Conradh na Gaeilge go spreagfaidh sé seo fiú níos mó daoine lena gcuid Gaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta.”
Beidh scagairí tíreolaíochta Gaeilge Snapchat mar chuid de dhúshlán BÚAGaeilge na míosa seo, feachtas arna fhorbairt ag Conradh na Gaeilge chun dúshláin mhíosúla a chur roimh dhaoine le tuilleadh Gaeilge a úsáid sa saol laethúil. I measc na ndúshlán BÚAGaeilge a bhí ann go dtí seo, iarradh ar dhaoine freastal ar Phop-Up Gaeltacht agus buíochas a ghabháil le tiománaithe bus as Gaeilge; tá breis eolais ar fáil ar leathanach Facebook Sheachtain na Gaeilge ag fb.com/SnaGaeilge.
STAITISTICÍ SNAPCHAT:
Staitisticí Snapchat Omnicore (2017): www.omnicoreagency.com/snapchat-statistics/
- Is í Éire an tír is mó úsáid Snapchat de réir chéatadán na ndaoine fásta a bhaineann úsáid as i ngach margadh.
- Tá 71% d’úsáideoirí Snapchat faoi bhun 34 bliana d’aois.
- Tá 45% d’úsáideoirí Snapchat idir 18-24 bliana d’aois.
- Cruthaítear níos mó ná 400 milliún scéal Snapchat in aghaidh an lae.
- Roinntear níos mó ná 20,000 grianghraf gach soicind.
