Skip to main content

Scagairí Tíreolaíochta Gaeilge Ar Fáil Ar Snapchat Anois

Gaelsnap na Gaillimhe: Teach an Phiarsaigh ar SnapchatScagairí tíreolaíochta ina dteanga féin don tír is mó úsáid Snapchat

Tá scagairí tíreolaíochta as Gaeilge do gach contae in Éirinn á rolladh amach ag Snapchat inniu (Dé Máirt, 1 Lúnasa 2017). Is mar chuid d’fheachtas Gaelsnap Chonradh na Gaeilge atá na scagairí tíreolaíochta Gaeilge á gcur ar fáil, feachtas a chuaigh ar lorg dearaí Gaeilge do gach ceann de na 32 contae.

Is í Éire an tír is mó úsáid Snapchat de réir chéatadán na ndaoine fásta a bhaineann úsáid as i ngach margadh, agus fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh sheoladh na scagairí tíreolaíochta Gaeilge ar an aip Snapchat inniu.

Deir Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Ós rud é gurb iad na hÉireannaigh is mó a úsáideann Snapchat, is iontach an rud é go bhfuil na scagairí tíreolaíochta as Gaeilge á rolladh amach d’úsáideoirí na hÉireann inniu. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Snapchat as an gcomhoibriú, agus leis na dearthóirí ar fad a rinne éacht lena gcuid dearaí.”

Arsa Orlaith Nic Ghearailt, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge:

“Tá níos mó deiseanna ná riamh ag daoine an Ghaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta, agus táimid ar bís go bhfuil fáil anois ar scagairí tíreolaíochta Snapchat i nGaeilge. Tá Facebook, Twitter agus Gmail ar fáil as Gaeilge cheana féin, mar sin tá sé ar fheabhas gur féidir Snapchat a chur le liosta na ngnóthaí idirnáisiúnta ag baint leasa as an nGaeilge freisin. Tá súil ag Conradh na Gaeilge go spreagfaidh sé seo fiú níos mó daoine lena gcuid Gaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta.”

Beidh scagairí tíreolaíochta Gaeilge Snapchat mar chuid de dhúshlán BÚAGaeilge na míosa seo, feachtas arna fhorbairt ag Conradh na Gaeilge chun dúshláin mhíosúla a chur roimh dhaoine le tuilleadh Gaeilge a úsáid sa saol laethúil. I measc na ndúshlán BÚAGaeilge a bhí ann go dtí seo, iarradh ar dhaoine freastal ar Phop-Up Gaeltacht agus buíochas a ghabháil le tiománaithe bus as Gaeilge; tá breis eolais ar fáil ar leathanach Facebook Sheachtain na Gaeilge ag fb.com/SnaGaeilge.

 

STAITISTICÍ SNAPCHAT:

Staitisticí Snapchat Omnicore (2017): www.omnicoreagency.com/snapchat-statistics/

  • Is í Éire an tír is mó úsáid Snapchat de réir chéatadán na ndaoine fásta a bhaineann úsáid as i ngach margadh.
  • Tá 71% d’úsáideoirí Snapchat faoi bhun 34 bliana d’aois.
  • Tá 45% d’úsáideoirí Snapchat idir 18-24 bliana d’aois.
  • Cruthaítear níos mó ná 400 milliún scéal Snapchat in aghaidh an lae.
  • Roinntear níos mó ná 20,000 grianghraf gach soicind.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.