Skip to main content

Ceart Ar Fad Ag An gCoimisinéir Teanga

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh thuarascáil chuimsitheach bhliantúil an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu, 12 Márta 2013. Tá an tuarascáil ina léiriú ar an dea-obair atá ar siúl ag Oifig an Choimisinéara Teanga in ainneoin neamhchinnteacht neamhspleáchas na hOifige amach anseo de bharr an chinneadh a ghlac an Rialtas i mí na Samhna 2011 leis an Oifig a chomhtháthú le hOifig an Ombudsman. Má dhéantar aon chomhtháthú leis an oifig seo, creideann Conradh na Gaeilge gur ghá don Choimisinéir Teanga a neamhspleáchais a choimeád lena chuid dualgas reachtaíochta reatha agus aon dualgais bhreise a eascraíonn as an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i gcrích; chríochnaigh athbhreithniú an Achta níos mó ná 13 mhí ó shin ach tá torthaí an athbhreithnithe fós le foilsiú. Ní mór don Rialtas an institiúid neamhspleách Ghaeilge seo a chosaint agus a neartú, agus an meas, an t-iontaobhas agus an mhuinín is mó ag an bpobal sa tír uirthi.

Déanann an tuarascáil féin suimiú ar chuid mhór de na fadhbanna le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus teipeanna eile atá déanta ag an Stát maidir lena chuid freagrachtaí le seirbhísí Gaeilge agus tacaíochtaí bunreachtúla a sholáthar don teanga agus do phobal na Gaeilge.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá sé scannalach go bhfuil 79 nó 75% de na scéimeanna teanga Gaeilge a dearbhaíodh ag comhlachtaí poiblí ó thús Achta na dTeangacha Oifigiúla 2003 imithe in éag gan athnuachan. Níor aontaíodh ach 9 scéim teanga Ghaeilge leis An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa bhliain 2012. Is náireach an scéal é freisin gur rinneadh leasú ar scéim le ceanglas simplí chun an Ghaeilge a úsáid ar lipéid DVD a sheachaint ag Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann; ní féidir ciall nó réasún a dhéanamh den réasúnaíocht leis an díolúine seo a thabhairt. Ní dhéanfaí a leithéid in aon tír eile ina bhfuil níos mó ná aon teanga oifigiúil amháin ann.

"Aithnímid sásamh an Choimisinéara Teanga mar gheall ar dhearcadh dearfach Choimisinéir an Gharda Síochána agus bhainistíocht shinsearach an Gharda Síochána do na moltaí a rinne An Coimisinéir Teanga leo chun déileáil leis an gcás uafásach, do-ghlactha ina raibh ball dár n-eagraíocht de thoradh gur lorg sé seirbhís trí Ghaeilge ó na Gardaí. Diúltaíodh an tseirbhís seo dó ar dtús, gabhadh é agus tionlacadh i nglais lámh é chuig an stáisiún. Ní hí seo an chéad uair ná an t-aon uair go raibh drochthoradh agus taithí dhiúltach ag baill an Chonartha as Gaeilge a roghnú le húsáid leis an nGarda Síochána. Táimid ag súil go gcuirfidh An Garda Síochána moltaí an Choimisinéara Teanga i bhfeidhm ina n-iomláine."

Tá an easpa shuntasach d'fhostaithe sa státseirbhís le Gaeilge líofa ar cheann de phríomhthorthaí a d'eascair ó mheasúnú an Choimisinéara ar na fadhbanna a bhaineann le cur i bhfeidhm na scéimeanna. Tá sé seo, ar ndóigh, ag dul in olcas mar go bhfuil go leor fostaithe le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí ag fágáil na seirbhíse mar gheall ar scor luath, srl.

Lean Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge ar a rá: "Ní mór tabhairt faoin bhfadhb seo láithreach agus uas-sciliú a dhéanamh le fostaithe reatha sa tseirbhís phoiblí, agus is gá céatadán áirithe de státseirbhísigh nua le Gaeilge a earcú sa todhchaí. Nílimid ag rá gur ghá go mbeidh Gaeilge ag gach státseirbhísigh ach is gá líon leordhóthanach a bheith ar fáil le seirbhís ghairmiúil a sholáthar do phobal na Gaeilge. Bhí an tAire Airgeadais, Richie Ryan, mícheart i 1974 nuair a dúirt sé go mbeadh rath ar úsáid na Gaeilge nuair a cuireadh deireadh leis an t-éigeantas go mbeadh orthu Gaeilge a bheith acu le post a fháil sa státseirbhís. In 2012, tá a fhios againn nach bhfuil ach 1.5% den fhoireann sa Roinn Oideachais agus Scileanna inniúil go leor chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Ní mór don Rialtais dul i ngleic leis an teip ó 1974 le beartais dhearfacha ar son na Gaeilge." CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,

Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge

+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

 

Síne Nic an Ailí,

Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge

+353 (0)87 6546673 / +353 (0)1 4757401

 

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Déanfaidh an tAontas freastal ar éilimh ghluaiseacht na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann sna sála ar fhógra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) go mbeadh ar Fhoras na Gaeilge iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach ó "Eagras amháin (nó b'fhéidir líon teoranta eagras, [...]), le ról ionadaíochta, scaipeadh eolais, abhcóideachta agus soláthar acmhainní agus tacaíocht, don earnáil go hiomlán" ar an 02 Nollaig 2009.

Leanfaidh Aontas Phobal na Gaeilge leis an obair reatha atá ar bun ag eagrais chomhaontaithe an Aontais, agus cuirfear leis an gclár oibre sin. Forbrófar ar an obair reatha stocaireachta agus abhcóideachta; leagfar béim ar thábhacht an aistriú teanga ó ghlúin go glúin; eagrófar scothfhéilte náisiúnta a dhéanfaidh an Ghaeilge a cheiliúradh go poiblí; reáchtálfar comórtais teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta; cinnteofar deiseanna forleathan foghlamtha Gaeilge; agus cothófar deiseanna nuálacha úsáidte teanga. Seo a leanas cuspóirí straitéiseacha Aontas Phobal na Gaeilge:

1. Comhphlean, struchtúr, acmhainní daonna agus fisiciúla a chinntiú d'fheidhmiú an Aontais;

2. Cumas labhartha agus foghlama, seachadadh agus sealbhú na Gaeilge a fheabhsú agus a neartú;

3. Úsáid na Gaeilge i measc an phobail a mhéadú;

4. Stádas, íomhá, cearta agus feasacht na Gaeilge a aithint agus a leathnú;

5. An t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin ar bhonn uile-Éireann a chothú; an Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt; agus gréasáin Ghaeltachtaí nua a fhorbairt mar thearmainn teanga.

Cuireann Aontas Phobal na Gaeilge luach ar shaothar dhaoine deonacha na hearnála agus cinnteofar tacaíocht ghairmiúil saineolach leanúnach d'oibrithe deonacha, móide fóram neamhspleách mar thacaíocht don sár-obair a thugann an duine deonach faoi, ar son na Gaeilge. www.aontaspg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.