Féile Peile na nGael: Comórtas Seachtar an Taobh sa Pheil Ghaelach ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gcomhar leis Na Gaeil Óga, CLG
Ritheann Breis 's 20,000 Duine Ar Son na Gaeilge le Rith 2012!
Tá níos mó ná 20,000 duine tar éis páirt a ghlacadh i Rith 2012 go dtí seo, ollrith sealaíochta 700km ar son na Gaeilge atá ar siúl mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2012, agus tá dhá lá reatha fós le dul.
Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann Idir Lámha ag Ard-Fheis 2012 in Inis
Tabharfaidh Ferdie Mac an Fhailligh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; Páidí Ó Lionáird, láithreoir 7 Lá agus colúnaí Gaelscéal; agus Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, léargas ar chomhstraitéis ghníomhach uile-Éireann don teanga ag oscailt oifigiúil Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2012 san Óstán Auburn Lodge, Inis, Co. an Chláir ag 9.00in oíche Aoine, 30 Márta 2012.
Seoladh Leabhar le Des Bishop & Kíla ins An Siopa Leabhar
Beidh idir cheol, ghreann agus gháire ins An Siopa Leabhar nuair a sheolann Des Bishop an leabhar úr Our Fada le Rossa Ó Snodaigh agus Míchéal Ó Domhnaill, agus Leabhar Foinn le Kíla ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ag 7.30in Déardaoin, 24 Bealtaine 2012.
Ceiliúradh RnaG Ag Croí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2012 i gCiarraí
Is ar Chorca Dhuibhne aoibhinn atá triall lucht labhartha na Gaeilge ar saoire an samhradh seo, agus Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2012 á reáchtáil i nGaeltacht Chiarraí ón 05 - 08 Iúil 2012. Eagraíonn Conradh na Gaeilge saoire i nGaeltacht éagsúil gach bliain le deis a thabhairt do chainteoirí líofa agus d'fhoghlaimeoirí na teanga araon sult a bhaint as áilleacht na Gaeltachta, gníomhaíochtaí spraíúla lae agus siamsa oíche i gcomhluadar iomlán Gaeilge an chéad dheireadh seachtaine i mí Iúil.
Ár dTeanga, Do Rogha! Arsa Aontas Phobal na Gaeilge Le 12,000 Scoláire
Reáchtálfaidh Aontas Phobal na Gaeilge (APG) na ceardlanna feasachta is spreagúla dá chuid go dtí seo le cinnirí agus scoláirí choláistí samhraidh ar fud na tíre arís an samhradh seo, dá misniú agus dá gcumasú chun an Ghaeilge a roghnú, a úsáid agus a spreagadh gach lá mar chuid den fheachtas Ár dTeanga, Do Rogha sna coláistí Gaeilge.
Corr Ilchultúrtha le Dianchúrsaí Samhraidh Chonradh na Gaeilge!
Le mic léinn ón bPeiriú, ón mBrasaíl, ón Spáinn, ón nGearmáin, ón Iodáil, ón Ísiltír, ón Ungáir, agus fiú ó Éirinn ag foghlaim a gcéad chúpla focal ag ranganna Chonradh na Gaeilge an téarma seo caite, is féidir leat corr ilchultúrtha a chur sa samhradh trí chlárú do dhianchúrsa teanga leo i mí Iúil nó Lúnasa ar www.cnag.ie.
Scannalach Nach Bhfuil Ach Cúpla Lá Le Leasuithe A Phlé Ar An mBille Gaeltachta, arsa Conradh na Gaeilge & Guth na Gaeltachta
D'fháiltigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta roimh fhoilsiú Bhille Gaeltachta 2012 de chuid an Rialtais Dé Máirt (19 Meitheamh 2012) ach creideann na heagraíochtaí pobail go bhfuil go leor ceisteanna fós le freagairt maidir leis an reachtaíocht toisc easpa eolas sonrach faoina chur i bhfeidhm, faoina riaradh agus faoin measúnacht ar na pleananna Gaeilge atá ag a chroílár, agus gur scannalach an rud é nach bhfuil ach go dtí maidin amárach le leasuithe a mholadh.
Raidió Rí-Rá Ag Craoladh Ar DAB!
Tosóidh an chéad chairtstáisiún Gaeilge ag craoladh beo i bPort Láirge agus i mBaile Átha Cliath ar an gcóras Chraoladh Fuaime Digití (DAB) ar an 01 Iúil 2012, áit gurb é Raidió Rí-Rá an t-aon stáisiún Gaeilge don aos óg a bheidh ag craoladh ar an gcóras raidió úir. Beidh Raidió Rí-Rá ar fáil ar DAB i gCorcaigh agus i Luimneach roimh dheireadh na bliana seo freisin, agus go náisiúnta amach anseo.
Tuilleadh Alt...
- Fáiltíonn APG Roimh Dheireadh na Samhla Nua Mhaoinithe & Molann Córas Comhpháirtíochta
- Deis Deiridh An Ghaeltacht A Shlánú" Á Brú Tríd an Dáil
- Tacaíocht do Chinneadh an Fhreasúra An Dáil A Fhágáil
- €27,000 Grants Raidió Rí-Rá The Chance To Build Its Own Studio! (2)
- Ullmhúcháin do Sheachtain na Gaeilge 2013 Faoi Lánseol Ag Foireann Úr na Féile!
- Rogha & Togha an Chultúir in Uimhir 6!
- Éileamh Ar Chúrsaí Ag Dul I Méid
- Raidió Rí-Rá Beo ar 94.3FM i mBÁC!
- Fáilte Fhaichilleach Roimh Chinneadh an Rialtais i dTaca leis An gCoimisinéir Teanga