Léacht Thumoideachais an Chonartha Ag Cothú Conspóide

Thug an tUasal Dónal Ó hAiniféin aghaidh ar ábhar conspóideach an tumoideachais ag Léacht Chonradh na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2 aréir, 22 Aibreán 2008, agus mhol go bhforbrófaí múnlaí páirt- agus meán-thumoideachais, sa bhreis ar níos mó taighde dúchais a dhéanamh ar mhúnlaí an luath-thumoideachais iomláin in Éirinn, chun rogha níos fearr a thabhairt do thuistí ag iarraidh leas a bhaint as an gcóras Gaelscolaíochta dá bpáistí.

Leanúint ar aghaidh

Práinn na Rialachán

Léiríonn fógra na nGardaí Síochána i mBéarla, i bPolainnis agus i Sínis ach gan tagairt ar bith don Ghaeilge san Irish Times inné, 22 Aibreán 2008, an géarghá atá le cúrsaí fógraíochta a chur san áireamh sna Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9), a d'fhoilsigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív i 2006 ach nach bhfuil sínithe aige fós, dar le Conradh na Gaeilge.

Leanúint ar aghaidh

Fóram Tumoideachas an Chonartha Ceal Aire Oideachais

Beidh ábhar conspóideach an tumoideachais á chíoradh ag an tUasal Dónal Ó hAiniféin ag Léacht Chonradh na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2 Dé Máirt an 22 Aibreán 2008 ag tosú ag a 8.00 i.n - ach ní bheidh an tAire Oideachais i láthair. Is iar-Uachtarán Gaelscoileanna Teoranta agus príomhoide reatha Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg é Ó hAiniféin, aoi-chainteoir na Léachta, agus is cinnte go dtabharfaidh sé an-díospóireacht agus léargas ar an ábhar don lucht éisteachta ó tá taighde fíorthábhachtach ar mhúnlaí an luath-thumoideachais iomláin in Éirinn curtha i gcrích aige mar chuid de mháistreacht ealaíon i Teagasc Teangacha (an Ghaeilge) le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le déanaí. Ach cé go bhfuil an CNCM, COGG, Cumann Múinteoirí Éireann, eagrais Ghaeilge ar fud na tíre agus fiú Comhchoiste Oideachais agus Eolaíochta an Oireachtais féin i ndiaidh moladh don Aire Hanafin gur chóir taighde dúchais a dhéanamh sula ndéanfaí aon iarracht ciorclán 0044/2007 na Ranna Oideachais a chur i bhfeidhm, agus ainneoin saineolas Uí Ainiféin go háirithe i réimse an tumoideachais in Éirinn, ní bheidh an tAire Oideachais agus Eolaíochta ag an léacht ríthábhachtach seo, ná níor cuireadh in iúl don Chonradh go mbeadh aon ionadaí ón Roinn Oideachais ag teacht ina háit.

Leanúint ar aghaidh

Ré Spleodrach Nua don Chonradh

Ghlac móramh thar na bearta le bunreacht nua a fhógraíonn ré spleodrach úr do Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis speisialta spreagúil de chuid na heagraíochta i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, 12 Aibreán 2008.

Leanúint ar aghaidh

Tacaíonn Conradh na Gaeilge le Teorannacha na Gaeltachta A Fhágáil faoi Choimisiún Neamhspleách

Tacaíonn Conradh na Gaeilge le moladh an leachtóra matamaitice Donnchadha Ó hÉallaithe go bhfágfaí faoi choimisiún neamhspleách saineolaithe (cúigear ar a mhéad) faoi chathaoirleacht bhreitheamh Ardchúirte teorannacha na Gaeltachta a leagan amach de bhun na moltaí sa Staidéar Teangeolaíoch a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad agus stádas A, B nó C ag na ceantair sin dá réir.

Leanúint ar aghaidh

Seasann an Conradh le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt

Beidh mórshiúl ceiliúrtha ar son na héagsúlachta agus na Gaeilge ar siúl i mBéal Feirste Dé Sathairn 16ú Feabhra mar chuid den bhfeachtas TÁ agus beidh Conradh na Gaeilge ag cur bus saor in aisce ann ó Bhaile Átha Cliath. Fágfaidh an bus Ceann-Áras an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ag a 10 a chlog ar maidin agus fillfidh sé arís um thráthnóna.

Leanúint ar aghaidh

Stáisiún Nua Raidió Náisiúnta don Aos Óg????

Beidh Seimineár an Oireachtais á eagrú ag an gConradh i mbliana agus is é ‘Stáisiún Raidió Náisiúnta Gaeilge don Aos Óg' a bheidh mar ábhar plé ann. Beidh an seimineár seo ar siúl ar an Satharn, 3 Samhain, 2007 ar 11.00r.n. sa Walnut Room in Óstán an Westport Plaza agus cuirfear fáilte roimh chách.

Leanúint ar aghaidh

Cinneadh an Aire Chultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Edwin Poots, Frith-Ghaelach agus Frith-Ultach

Dúirt Conradh na Gaeilge go raibh an cinneadh a ghlac an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Edwin Poots, inné maidir le hAcht Teanga a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart frithghaelach agus frith-Ultach agus go raibh deis curtha amú ag an Aire ón DUP, aitheantas a thabhairt don Ghaeilge, teanga ar le muintir uile an oileáin uile í. Is cinneadh tubaisteach é ach go háirithe tar éis an mhéid tacaíochta a léirigh mórphobal an Tuaiscirt trí na haighneachtaí a cuireadh isteach ar son a leithéid d'Acht le linn an dá phróisis chomhairliúcháin. 7,500 a bhí ar son reachtaíochta sa dara próiseas. Ní théann an cinneadh seo le ciall ná le réasún.

Leanúint ar aghaidh

Cinneadh Gan Chiall Gan Réasún Glactha ag an Aire Oideachais, Mary Hanafin

Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh tubaisteach ar leis le gairid maidir le múineadh an Bhéarla i nGaelscoileanna ag leibhéal na naíonán sóisir, i. go múinfí an Béarla ón dara téarma scoile ar aghaidh. Cáineann an Conradh an beartas seo go géar toisc go ndéanann sé neamhaird ar an gcomhairle ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) atá i mbun próisis chomhairlithe ar an ábhar seo le blianta beaga anuas agus a mhol a thuilleadh taighde a dhéanamh ar an ábhar. Tá ceithre réiteach ghearrthéarmacha molta ag an CNCM agus an tuilleadh taighde seo á dhéanamh.

Leanúint ar aghaidh

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge