Agus Oíche Chultúir Átha Cliath 2013 á seoladh amárach (20 Lúnasa 2013), beidh an ceiliúradh cultúir is mó trí Ghaeilge á reáchtáil ag grúpaí Gaeilge go leor i gceann de na hárais is spéisiúla sa phríomhchathair in Uimhir 6 Sráid Fhearchair oíche Aoine, 20 Meán Fómhair 2013.
Rún Éigeandála Oideachais & Struchtúr Ardleibhéil le hIonchur ón bPobal Á Éileamh ag Uachtarán Atofa ag Ard-Fheis 2013
Glacadh d'aon ghuth le rún éigeandála ag éileamh ar an Rialtas gan cur isteach ar pholasaí iontrála na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí ó thaobh chúlra Gaeilge na dtuismitheoirí ná na ndaltaí de ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2013 in Óstán Chúirt na Canála ar an Iúr, Co. an Dúin inniu (Dé Sathairn, 06 Aibreán 2013), sna sála ar dhearcadh an Aire Oideachais agus Scileanna a foilsíodh sna meáin chumarsáide le déanaí i dtaobh pholasaí iontrála scoileanna.
Fáilte Roimh Fhochoiste Dála Um Mheasúnú Ar An Straitéis 20 Bliain
Creideann Conradh na Gaeilge gur céim mhór chun tosaigh í bunú an fhochoiste den Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht a fógraíodh inné (Dé Céadaoin, 01 Bealtaine 2013) le measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030.
Nuachtlitir | Lúnasa 2013
Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge Ina Thóstál Teanga Ar Oileán Árainn Mhóir
Beidh turas báid ar na hoileáin bheaga, sciamhacha timpeall ar Oileán Árainn Mhóir ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013, saoire Gaeilge bliantúil a bheidh ar siúl ar an dara oileán is mó sa tír a bhfuil daoine ina gcónaí air - Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall - ó 4 - 7 Iúil i mbliana.
Ceart Ar Fad Ag An gCoimisinéir Teanga
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh thuarascáil chuimsitheach bhliantúil an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu, 12 Márta 2013. Tá an tuarascáil ina léiriú ar an dea-obair atá ar siúl ag Oifig an Choimisinéara Teanga in ainneoin neamhchinnteacht neamhspleáchas na hOifige amach anseo de bharr an chinneadh a ghlac an Rialtas i mí na Samhna 2011 leis an Oifig a chomhtháthú le hOifig an Ombudsman. Má dhéantar aon chomhtháthú leis an oifig seo, creideann Conradh na Gaeilge gur ghá don Choimisinéir Teanga a neamhspleáchais a choimeád lena chuid dualgas reachtaíochta reatha agus aon dualgais bhreise a eascraíonn as an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i gcrích; chríochnaigh athbhreithniú an Achta níos mó ná 13 mhí ó shin ach tá torthaí an athbhreithnithe fós le foilsiú. Ní mór don Rialtas an institiúid neamhspleách Ghaeilge seo a chosaint agus a neartú, agus an meas, an t-iontaobhas agus an mhuinín is mó ag an bpobal sa tír uirthi.
Cén Fáth Go bhFoghlaimeodh Aon Státseirbhíseach An Ghaeilge A Thuilleadh?
Céim ar chúl eile ón Rialtas seo don seirbhís Ghaeilge do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta
Ollchóirigh Múineadh na Gaeilge
Sheol Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Colm Hamrogue, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn, agus Nikolai Trigoub-Rotnem, Uachtarán Aontas na Mac Léinn Iar-Bhunscoile feachtas náisiúnta le haghaidh ollchóirithe ar mhúineadh na Gaeilge inár scoileanna. Táthar ag cuartú tacaíochta ó gach páirtí agus iad ag réiteach don olltoghchán don pholasaí oideachais a d'fhógair siad ag comhdháil nuachta ar 5 Feabhra, 2007 ag 11.00 r.n. san óstán Buswells i mBaile Átha Cliath agus ag cuartú tiomantais go gcuirfí an polasaí sa chéad chlár rialtais eile.