Fáiltíonn Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta go croíúil roimh na moltaí i dtaca leis an nGaeilge a tháinig chun tosaigh mar thosaíocht ag seimineár comhairliúchán an Uachtaráin Dé Sathairn (17 Samhain 2012) agus tugann cuireadh do pholaiteoirí teacht chuig lá eolais in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath 2 ó 8.00rn - 6.00in Dé Céadaoin, 21 Samhain 2012 leis na moltaí seo agus ceisteanna teanga eile a phlé.
Bliain na Gaeilge 2013 Á Seoladh Go Náisiúnta Le Spraoi Sa Phobal
Scaoilfear 120 balún in áiteanna poiblí ar fud na hÉireann ag 3.00in Dé Domhnaigh, 25 Samhain 2012 ag SPRAOI SA PHOBAL agus Bliain na Gaeilge 2013 á seoladh agus 120 bliain d'athbheochan na Gaeilge a cheiliúradh.
Ollchruinniú na gCumann Gaelach 2012
Beidh an deireadh seachtaine traenála is mó do Chumainn Ghaelacha agus d'Oifigigh Ghaeilge na n-institiúidí tríú leibhéil sa tír á reáchtáil don séú bliain as a chéile ó 12 - 13 Deireadh Fómhair 2012, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn i bpáirt le Comhluadar agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge, le tacaíocht ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus ó Fhoras na Gaeilge.
Beirt Airí Rialtais Le Léargas Uile-Oileánda Ar An nGaeilge ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge
Tabharfaidh an tAire Carál Ní Chuilín CTR agus an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD léargas uile-oileánda ar thodhchaí na teanga in Éirinn ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge dar téama Ag Pleanáil don Ghaeilge ó Thuaidh & Sa Ghaeltacht - Cad Í Do Thuairim? sa Seomra Glendowan in Óstán Mount Errigal, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ag 11.00rn Dé Sathairn, 3 Samhain 2012.
Comhionannas don Ghaeilge Á Éileamh Ar Shuíomh Pharlaimint na hEorpa
Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh thoscaireacht Shinn Féin le Martina Anderson FPE ar Miguel Angel Martínez, Leasuachtarán an Aontais Eorpaigh, inniu (Dé Máirt, 11 Nollaig 2012). Tacaíonn Conradh na Gaeilge go mór mór leis an éileamh a dhéanfaidh sí le suíomh idirlín Pharlaimint na hEorpa a chur ar fáil as Gaeilge go práinneach, ar nós gach teanga oifigiúil eile san Aontas Eorpach.
Bliain na Gaeilge 2013 Seolta Ag Uachtarán na hÉireann
B'iad Mícheál Ó Muircheartaigh, laoch spóirt áitiúil, agus Pádraig Ó Sé, ceoltóir clúiteach ó Chiarraí, a sheol Bliain na Gaeilge 2013 go hoifigiúil le teachtaireacht phearsanta réamhthaifeadta ón Uachtarán Michael D Higgins ar An Daingean, Co. Chiarraí, ag cur tús leis an bhféile Ghaeilge bhliana le clár imeachtaí speisialta roimh na tinte ealaíne bliantúla ar Oíche Chinn Bhliana, 31 Nollaig 2012.
Abair Le Cara Go Bhfuil Cúrsaí Chonradh na Gaeilge Ina Rún Athbhliana Iontach!
Is cuma an bhfuil aghaidh á tabhairt agat ar ionchais fhostaíochta dheacra trí bharr feabhais a chur ar do scileanna teanga, nó mura bhfuil uait ach do chúpla focal a úsáid le linn Bhliain na Gaeilge 2013, tá cúrsa in oiriúint duitse ag Conradh na Gaeilge don Athbhliain - agus tá gach cúrsa níos saoire má mheallann tú cara leat!
Suíomh Nua Sheachtain na Gaeilge!
Tá úsáid na teanga á spreagadh ar fud na cruinne i gcaitheamh Bhliain na Gaeilge ar fad, ach tá féilire ar leith d'imeachtaí Gaeilge á heagrú go náisiúnta agus go háitiúil le linn Sheachtain na Gaeilge 2013, an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge is mó in Éirinn agus thar lear ó 4 - 17 Márta 2013!
Rogha na Gaelscolaíochta
Tá an comhfheachtas Gaeilge Aitheantas ag iarraidh ar thuismitheoirí chun machnamh a dhéanamh ar éiteas teanga na scoileanna a bheidh á mbunú amach anseo mar chuid den suirbhé a sheol An Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS) le déanaí.
Tuilleadh Alt...
- Ciste Rith Ag Cur €15,000 Ar Fáil Do Ghrúpaí Pobail
- Cumhacht don Phobal Á Lorg Leis An Straitéis 20 Bliain A Chur I bhFeidhm
- Ceiliúradh Cultúir Is Mó Sa Chathair in Uimhir 6 D'Oíche Chultúir 2013!
- Rún Éigeandála Oideachais & Struchtúr Ardleibhéil le hIonchur ón bPobal Á Éileamh ag Uachtarán Atofa ag Ard-Fheis 2013
- Fáilte Roimh Fhochoiste Dála Um Mheasúnú Ar An Straitéis 20 Bliain
- Nuachtlitir | Lúnasa 2013
- Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge Ina Thóstál Teanga Ar Oileán Árainn Mhóir
- Ceart Ar Fad Ag An gCoimisinéir Teanga
- Cén Fáth Go bhFoghlaimeodh Aon Státseirbhíseach An Ghaeilge A Thuilleadh?