D'fháiltigh Aontas Phobal na Gaeilge (APG) go croíúil roimh chinneadh Bhord Fhoras na Gaeilge chun deireadh a chur leis an tSamhail Nua Mhaoinithe ag cruinniú de chuid Bhord an Fhorais Dé hAoine, 29 Meitheamh 2012, agus súil acu go gcuirfear córas comhpháirtíochta i bhfeidhm chun na heagrais bhunmhaoinithe san earnáil dheonach Ghaeilge a chur ag obair le chéile ar bhonn níos éifeachtaí ar leas na teanga agus ar leas an phobail.
Deis Deiridh An Ghaeltacht A Shlánú" Á Brú Tríd an Dáil
Tá an-díomá ar Chonradh na Gaeilge agus ar Ghuth na Gaeltachta go bhfuil gach cuma ar an scéal go mbeidh An Bille Gaeltachta 2012, an reachtaíocht is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de le trí scór bliain anuas, á bhrú trí Thithe an Oireachtais roimh bhriseadh an tsamhraidh.
Tacaíocht do Chinneadh an Fhreasúra An Dáil A Fhágáil
Tá tacaíocht iomlán tugtha ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta do chinneadh an fhreasúra tarraingt as tuilleadh baint a bheith acu leis an díospóireacht ar an mBille Gaeltachta 2012 sa Dáil inniu (19 Iúil 2012), i bhfianaise nach raibh sé i gceist ag an Aire Gaeltachta Dinny McGinley TD glacadh le haon cheann de bhreis agus 150 leasuithe a bhí molta acu ar an mbille sular reachtaíodh é.
€27,000 Grants Raidió Rí-Rá The Chance To Build Its Own Studio! (2)
Is cúis ollmhór áthais í do Raidió Rí-Rá go bhfuil deontas €27,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Dinny McGinley TD go hoifigiúil inniu (16 Lúnasa 2012), deontas a chuirfidh ar chumas an chairtstáisiúin Ghaeilge stiúideo dá chuid féin a fhorbairt agus seirbhís níos fearr a sholáthar do dhaoine óga.
Ullmhúcháin do Sheachtain na Gaeilge 2013 Faoi Lánseol Ag Foireann Úr na Féile!
Tá áthas ar fhoireann nua Sheachtain na Gaeilge a fhógairt gur ó 4 - 17 Márta 2013 a bheidh an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge is mó in Éirinn agus thar lear ar siúl an bhliain seo chugainn. Agus cé nach dtarlódh sé ar an bpáirc imeartha um thráth seo den bhliain, tá Ciarraíoch agus Gaillmheach ag obair as lámha a chéile ar fhoireann nua na féile agus iad ag súil le go leor grúpaí nua a mhealladh chun páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge 2013 i Márta na bliana seo chugainn!
Rogha & Togha an Chultúir in Uimhir 6!
Is é Uimhir 6 Sráid Fhearchair lárionad Gaeilge na príomhchathrach agus beidh an foirgneamh stairiúil lán le ceol, ealaín, spórt agus spraoi trí Ghaeilge mar chuid den Oíche Chultúir i mBaile Átha Cliath oíche Aoine, 21 Meán Fómhair 2012!
Éileamh Ar Chúrsaí Ag Dul I Méid
Beidh deis ag muintir Átha Cliath barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga arís an fómhar seo le cúrsaí Gaeilge 10-seachtaine á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge do dhaoine fásta ón 25 Meán Fómhair 2012, gan ach €180 orthu agus le lascainí breise ar fáil d'iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine dífhostaithe nó ar phinsean. Freastalaíonn an cúrsa ar gach leibhéal foghlaimeora agus ritheann ranganna ar feadh dhá uair ó 7 - 9.00in ar do rogha d'oíche amháin in aghaidh na seachtaine ag 6 Sráid Fhearchair i gcroílár Bhaile Átha Cliath.
Raidió Rí-Rá Beo ar 94.3FM i mBÁC!
Beidh idir dhaltaí scoile agus ógphobal na hardchathrach trí chéile á mhealladh chun cluas a chur leis an t-aon chairtstáisiún Gaeilge in Éirinn nuair a thosaíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar 94.3FM i mBaile Átha Cliath inniu, 24 Meán Fómhair 2012.
Fáilte Fhaichilleach Roimh Chinneadh an Rialtais i dTaca leis An gCoimisinéir Teanga
Ar an gcéad amharc, tá fáilte fhaichilleach curtha ag Conradh na Gaeilge roimh chinneadh an Rialtais inné go leanfaidh an Coimisinéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú chumhachtaí reatha an Choimisinéara go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Tuilleadh Alt...
- Moltaí Óige Éireannaí & Struchtúr don Straitéis 20 Bliain Faoi Chaibidil Ag Lá Eolais na bPolaiteoirí 2012
- Bliain na Gaeilge 2013 Á Seoladh Go Náisiúnta Le Spraoi Sa Phobal
- Ollchruinniú na gCumann Gaelach 2012
- Beirt Airí Rialtais Le Léargas Uile-Oileánda Ar An nGaeilge ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge
- Comhionannas don Ghaeilge Á Éileamh Ar Shuíomh Pharlaimint na hEorpa
- Bliain na Gaeilge 2013 Seolta Ag Uachtarán na hÉireann
- Abair Le Cara Go Bhfuil Cúrsaí Chonradh na Gaeilge Ina Rún Athbhliana Iontach!
- Suíomh Nua Sheachtain na Gaeilge!
- Rogha na Gaelscolaíochta