Comhairliúchán ar Pholasaí Gaeilge Chomhairle Chathair Bhéal Feirste

Comhairle Chathair Bhéal FeirsteTá comhairliúchán tábhachtach faoi lánseol ag Comhairle Chathair Bhéal Feirste maidir le dréacht polasaí faoi Éagsúlacht Teanga faoi láthair. Áirítear polasaí Gaeilge mar chuid den chomhairliúchán seo.

Cé nach polasaí iomlán cuimsitheach é, is céim shuntasach chun tosaigh é agus tá deis ag pobal na Gaeilge ár gcuid moltaí a chur san áireamh trí aighneacht a sheoladh ar aghaidh chuig Comhairle Chathair Bhéal Feirste. 

Tá foirm leictreonach cruthaithe againn agus ar fáil thíos chun go mbeidh sé chomh simplí agus is féidir duitse páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán.

Tá moltaí Chonradh na Gaeilge féin ar fáil pdfanseo.

Is é Dé Máirt, 18 Iúil 2017 an spriocdáta le haighneacht a sheoladh isteach. Déan inniu é!

Séanadh: Sa cheistneoir maidir le Polasaí Éagsúlacht Teanga Comhairle Bhéal Feirste tá roinnt ceisteanna a bhaineann le sonraí pearsanta (Aois, Inscne, Creideamh srl.). Is Comhairle Bhéal Feirste a chur na ceisteanna seo agus atá ag bailiú an eolais seo, ní Conradh na Gaeilge. Déanfaidh Conradh gach eolas pearsanta a scriosadh nuair atá an comhairliúchán thart.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge