Bille na dTeangacha Oifigiúla

Rónán Ó Domhnaill agus Seán Ó Cuirreáin Coimisinéir Teanga CearnógD'fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a d'fhógair an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD ag tús na Samhna 2011 agus súil againn an deis a thapú le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge níos éifeachtaí agus níos cuimsí a chinntiú do phobal na Gaeilge. Bhí go dtí 31 Eanáir 2012 ag an bpobal chun aighneacht a chur faoi bhráid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i dtaca leis an athbhreithniú seo agus chuireamar aighneacht shamplach agus aighneacht Chonradh na Gaeilge ar fáil chun cabhrú le daoine aighneacht dá gcuid féin a líonadh amach.

D'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 go raibh sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí.

Fógraíodh é seo in ainneoin gur fógraíodh an t-athbhreithniú poiblí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla níos lú ná coicís roimh ré, athbhreithniú a raibh ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár. Bhí an t-athbhreithniú á stiúradh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus luadh go sonrach go rachfar i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta, Ranna Rialtais, comhlachtaí poiblí eile, an pobal i gcoitinne - agus Oifig an Choimisinéara Teanga.

D'eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta cruinniú práinneach eile le cás Oifig an Choimisinéara Teanga agus leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a phlé ag 2.00in Dé hAoine, 02 Nollaig 2011, agus reáchtáltadh an cruinniú in Óstán Pillo, Bóthar Áth Chinn, Gaillimh (trasna ó Óstán Menlo Park).

Sa bhreis ar an éileamh chun an cinneadh seo a fhreaschuir agus tacú le hobair mhaith, éifeachtach, neamhspleách Oifig an Choimisinéara Teanga, mhol Conradh na Gaeilge na hathruithe seo a leanas mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003:

  • Go mbeadh dualgais reachtúla á gcur ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile. Ní mór an t-éileamh náisiúnta do sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge faoin Acht a chothú ar bhonn pro-ghníomhach freisin, agus an tseirbhís Ghaeilge a dhíol leis an bpobal mar rogha comhchaighdeánach leis an tseirbhís Bhéarla;

  • Go dtabharfaí faoin gcastacht a bhaineann leis na seirbhísí curtha ar fáil trí na scéimeanna teanga go dtí seo agus go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla leis; agus

  • Ba chóir go mbeadh soiléiriú déanta ar dhualgais reachtúla teanga sa chás go gceapann nó go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal.

Buíochas le feachtas láidir ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a rinne an cinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga a throid le breis agus dhá bhliain anuas, chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh chinneadh an Rialtais a fógraíodh Dé hAoine, 4 Aibreán 2014, gan Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman. Is dea-scéal é do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta go bhfuil an Rialtas tar éis éisteacht linn ar deireadh agus cinneadh a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar eintiteas iomlán neamhspleách agus gan dul ar aghaidh leis an gcónascadh a bhí beartaithe le hOifig an Ombudsman. Tá ardmholadh ag dul do gach duine a sheas le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách le dhá bhliain anuas.

Tá Conradh na Gaeilge den tuairim, áfach, go bhfuil go leor leasaithe fós ag teastáil ar na cinn billí Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 agus beidh an eagraíocht ag cur moltaí an phobail chun cinn go láidir sna seachtainí os ár gcomhair. Creideann Conradh na Gaeilge gur chóir don Rialtas ó dheas na nithe seo a leanas agus eile a áireamh i mBille na dTeangacha Oifigiúla 2014 má tá siad dáiríre faoin reachtaíocht a chosnaíonn cearta daonna bunúsacha phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a láidriú, ní a lagú:

  • Ba chóir go mbeadh sé mar chuid de rialacháin nua san Acht go mbeidh, faoi dheireadh 2016, gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar comhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile;

  • Ba chóir go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla, ar nós Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, a chur in áit córas na scéimeanna nach bhfuil ag feidhmiú i gceart le roinnt blianta anuas;

  • Ba chóir ról monatóireachta a thabhairt d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030; agus

  • Ba chóir go mbeadh rialacháin ann go mbeidh líon áirithe daoine i ngach comhlacht poiblí in ann seirbhís a chur ar fail trí Ghaeilge (ní gá go mbeadh Gaeilge ag gach fostaí nua, ach ba chóir go mbeadh céatadán den fhoireann le Gaeilge).

Ba léir ón bpróiseas aighneachtaí agus suirbhéanna mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2012 go bhfuil láidriú, ní lagú, á lorg ag an bpobal ó thaobh na reachtaíochta chun a gcearta teanga a chosaint de. Níl dáta leagtha amach i gCeannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014, mar shampla, go mbeidh gach seirbhís á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta gan ceist, gan coinníoll. Níl aon spriocanna sásúla ann maidir le hearcaíocht san earnáil phoiblí. Níl ról monatóireachta tugtha d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030.

Chomh maith leis na heasnaimh sin ar fad, tá míreanna sna cinn billí d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2014 a lagóidh na seirbhísí Gaeilge don phobal, cosúil leis an moladh go síneofaí na tréimhsí 3 bliana do na scéimeanna teanga go 7 mbliana. Ó thosaigh córas na scéimeanna, tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n-éireodh siad níos láidre gach trí bliana. Tá molta sna cinn billí go síneofaí an tréimhse go 7 mbliana, rud a ligfeadh do na ranna Rialtais éagsúla a ndualgas a sheachaint. B’fhearr i bhfad fáil réidh le córas na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt le caighdeáin bunaithe ar rialacháin reachtúla, cosúil leis Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, nó an córas caighdeáin atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag a úsáid.

Beidh Conradh na Gaeilge ag stocaireacht go láidir ar an Rialtas agus ar an gComhchoiste um Chomhshaol, Cultúr, agus an Ghaeltacht sna seachtainí os ár gcomhair le Bille na dTeangacha Oifigiúla 2014 a láidriú, ní a lagú. Bí Linn!

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge