Éilimh Toghchán

Toghchán an Tionóil 2016Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh an pobal a spreagadh chun gnímh ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta sna sála ar na toghcháin a reáchtáladh in Éirinn i mbliana mar chuid den fheachtas #GaelVóta.

Thosaigh an obair leis na fóraim ghnímh áitiúla a tionóladh ar fud na tíre le míonna beaga anuas. Táimid anois ag iarraidh ar vótálaithe áitiúla – iad siúd atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge, iad siúd atá ag foghlaim na teanga, nó go deimhin iad siúd le bá ar bith don teanga – chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn leis na hionadaithe ar fad a toghadh sna toghcheantair s’acu. Ní neart go cur le chéile, agus tabharfaidh polaiteoirí cluas éisteachta don phobal áitiúil má cheistítear iad uile faoina bhfuil siad sásta gníomhú ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, nó nach bhfuil.

Éilimh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta

pdfplean infheistíochta uile-Éireann aontaithe ag breis ‘s 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-oileánda, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh – chun breis ‘s 1,160 post a chruthú, agus tá na grúpaí ag iarraidh go léireoidh gach páirtí agus gach ionadaí polaitíochta tacaíocht oifigiúil don phlean: http://bit.ly/pleaninfheistiochta

bearta ionadaíochta á lorg ag na grúpaí pobail agus uile-Éireann chun go gcuirfear an plean infheistíochta i ngníomh chomh maith, ina measc go gceapfaí Airí Sinsir thuaidh agus theas chun feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus chun dea-bhainistiú agus feidhmiú iomlán an phlean infheistíochta a chinntiú: http://bit.ly/beartaionadaiochta

Toghchán an Tionóil ó thuaidh: Déardaoin, 5 Bealtaine 2016

3 Phríomhéileamh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta:

  1. Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú
  2. Go gceapfaí Aire Pobail* atá tiomanta don Ghaeilge, .i. Aire a bheidh sásta an Straitéis don Ghaeilge agus Acht Gaeilge a chur chun cinn
  3. Go gceapfaí Aire Oideachais a thacaíonn leis an Ghaeilge sa chóras oideachais, .i. Aire a bheidh sásta an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn agus tacú go láidir leis na scoileanna eile gur mian leo an Ghaeilge a mhúineadh

Éilimh #GaelVóta

Olltoghchán ó dheas: Dé hAoine, 26 Feabhra 2016

3 Phríomhéileamh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta:

  1. Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú
  2. Go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeadh ionchur ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais
  3. Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar comhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile

An raibh a fhios agat?

  • Tá Gaeilge éigin ag nach mór 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann
  • Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag canadh as Gaeilge
  • Chabhródh an plean infheistíochta agus an stádas polaitiúil breise atá á lorg againn le haisling ghlúin na réabhlóide a bhaint amach don Ghaeilge, agus dhéanfadh comóradh ceart ar 1916
  • D’fhreastalódh an plean infheistíochta* atá á mholadh ar an 93% den daonra ó dheas a thacaíonn le hathbheochan nó le caomhnú na Gaeilge (ESRI & OÉ Má Nuad, 2009) ar na bealaí seo a leanas:
    • Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil
    • Lárionad Gaeilge a bhunú i mbailte ar fud an oileáin
    • Scoláireachtaí Gaeltachta do daoine óga agus teaghlaigh a chur ar fáil
  • * Is ionann an maoiniú breise atá ag teastáil don phlean infheistíochta agus €5 mhilliún níos lú ná an maoiniú a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i 2008

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge