Skip to main content

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2026

Reáchtálfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste, Óstan Europa, ón 20-22 Feabhra 2026 agus beidh sé á óstáil ag Craobh Ghlór na Móna. 

Is é 'An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe: Éire nua a thógáil do na glúnta atá le teacht' téama na bliana seo. 

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.  


Lóistín - Óstán Europa 

Moltar lóistín a chur in áirithe go luath toisc go mbeidh na rátaí seo ar fáil go dtí 19 Eanáir 2026.

Roghanna Lóistín (bricfeasta san áireamh i ngach ceann acu) Costas do dhuine aonair Costas do dhuine aonair (ag roinnt seomra)     
Aoine & Satharn le dinnéar na h-Ard-Fheise san áireamh £295 £190
Aoine amháin £125 £72.50
Satharn amháin le dinnéar na hArd-Fheise san áireamh £170 £117.50


Cur lóistín in áirithe trí theagmháil a dhéanamh leis an óstán ag:
+44 (0) 28 9027 1066 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Uimhir Áirithinte: 843661


Ceisteanna Coitianta

Céard is Ard-Fheis ann?

Is éard atá i gceist le  hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge ná cruinniú bliantúil na heagraíochta, áit a dhéanaimid ár gCoiste Gnó agus Uachtarán a thoghadh, rúin a phlé, agus cinntí a ghlacadh maidir le todhchaí fad-téarmach na heagraíochta. 

Beidh aoichainteanna éagsúla ar cheist na Gaeilge, agus maidir le ceantar na hArd-Fheise ann freisin.

Cé gur féidir leo freastal ar an Ard-Fheis?

Tá gach aon bhall reatha i dteideal freastal ar an Ard-Fheis agus vóta a chaitheamh aici. 

Tá fáilte roimh chairde agus cuairteoirí freisin, ach teagmháil a dhéanamh linn ag @Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. roimh ré. 

Cá mbeidh Ard-Fheis 2026?

Beidh Ard-Fheis 2026 ar siúl i mBéal Feirste, agus á óstáil ag Craobh Ghlór na Móna


Ceisteanna Coitianta

Súil siar ar Ard-Fheis 2025

Ciarán Mac Giolla Bhéin cheaptha mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Dónall Ó Cnáimhsí roghnaithe mar Oibrí Deonach na Bliana

Gradam an Uachtaráin bronnta ar Éamon Ó Cuív

Bunreacht Chonradh na Gaeilge

Leabhrán na hArd-Fheise 2025


Acmhainní Úsáideacha

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.