Skip to main content

:
Uair
:
Nóiméad
:
Soicind

An Tionól Gaeltachta 2026

Beidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2026 ar siúl ar Inis Meáin, Co. na Gaillimhe, ón Déardaoin, 25 Meitheamh go Dé Domhnaigh, 28 Meitheamh.

Beidh plé spreagúil, seisiúin cheoil bríomhar, agus imeachtaí spraíúla ag titim amach le linn an deireadh seachtaine speisialta seo. 

Tá fáilte roimh chách.

Tá spásanna lán faoi láthair. Le do thoil déan teagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. chun d'ainm a chlárú ar an liosta feithimh. 

Clár

Déardaoin, 25 Meitheamh

  • 20:00

    Fáiltiú agus Oscailt Oifigiúil & Sólaistí

    Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

    Mairéad Ní Fhátharta, Cathaoirleach Choiste Pleanála Teanga Inis Meáin

    📍Halla Naomh Eoin

  • 20:15

    Plé Cartlainne Chonradh na Gaeilge

    📍Halla Naomh Eoin

  • 21:30

    Seisiún Ceoil

    📍Teach Ósta

 Satharn, 27 Meitheamh

  • 11.00

    Siúlóid Treoraithe 

    Pádraic Roger

    nó 

    Parkrun

    📍 Teacht le chéile ag Halla Naomh Eoin

    nó 

    Rang Saibhris

    📍Ionad Pobail

    Ceardlann Tógáil Claíochaí

    📍(Suíomh le fógairt)

  • 15.30

    Tráth na gCeist

    📍Halla Naomh Eoin

  • 17.30 / 19.30

    Dinnéar

    📍Teach Ósta

  • 20.00

    Seó an Tionóil

    📍Halla Naomh Eoin

Aoine, 26 Meitheamh

  • 9.15

    Turas Báid go hInis Mór

    Tráthnóna ⁊ lón ar an oileán

    📍Teacht le chéile ag an Chaladh Mór

  • 20:00

    Seimineár an Tionóil 2026 & Sólaistí

    Téama ⁊ cainteoirí le fógairt

    Halla Naomh Eoin

  • 21.30

    Seisiún Ceoil

    📍Teach Ósta

Eolas Lóistín

I mbliana, bainfidh ár mbaill taitneamh as an taithí iomlán sa Ghaeltacht, ag fanacht le teaghlaigh fáilteacha nó i dtithe áitiúla ar Inis Meáin. 

Cuirfear eolas chugat maidir le do lóistín i ndiaidh duit clárú. 

Tá seomraí singil agus seomraí roinnte ar fáil mar chuid den lóistín. Níl ach méid áirithe seomraí singil ar fáil.Le do thoil, roghnaigh an cineál seomra atá uait san fhoirm clárúchán. 

Pacáiste 1

Déardaoin - Domhnach

Lóistín Déardaoin-Domhnach

Bricfeasta Aoine ⁊ Sathairn

Béilí tráthnóna Aoine ⁊ Sathairn

Fáiltiú ⁊ Sólaistí

Taispeántas Cartlainne

Turas Báid go hInis Meáin

Seiminéar an Tionóil

Siúlóid Treoraithe / Rang Saibhris / Parkun / Ceardlann Claíochaí

Tráth na gCeist

Seó an Tionóil

Seisiúin Cheoil

€350 in aghaidh an duine 

Pacáiste 2

Aoine- Domhnach

Lóistín Aoine-Domhnach

Bricfeasta Sathairn

Béilí tráthnóna Aoine ⁊ Sathairn

Seimineár an Tionóil

Siúlóid Treoraithe / Rang Saibhris / Parkun / Ceardlann Claíochaí

Tráth na gCeist

Seó an Tionóil

Seisiúin Cheoil

€250 in aghaidh an duine 

Cúrsaí Taistil

Níl modh taistil go hInis Meáin san áireamh sna pacáistí i mbliana. Is gá do gach duine atá ag freastal ar an Tionól Gaeltachta a modh taistil féin a chur in áirithe.

Tá dhá rogha ann i mbliana:

  • Is féidir bád a fháil ó Ros an Mhíl chuig Inis Meáin.
  • Is féidir eitleán a fháil ó Aerfort Chonamara.

* Tá lascaine ar fáil ar an mbád amháin dóibh siúd atá ag freastal ar an Tionól Gaeltachta.

.

Leabhrán: 

Buíochas le : 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.