Comharthaí Bóthair

Comharthaí Bóthair na hÉireannIn ainneoin gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil de réir an Bhunreachta ó dheas, agus cé go dtugtar cúram ar leith le cinntiú go bhfuil an Ghaeilge go príomha chun cinn ar chomharthaí áirithe in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, (Alt 9) Rialacháin 2008, fágann na rialacháin chéanna comharthaí bóthair na hÉireann go sonrach as an áireamh.

Leanúint ar aghaidh

Beartas Oideachais

Beartas Oideachais Chonradh na GaeilgeIs léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó dheas ag teipeadh ar an nGaeilge agus nach bhfuil an Roinn ag dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le múineadh agus foghlaim na Gaeilge inár scoileanna i gceart. Cé go bhfailtíonn muid roimh an aitheantas breise a tugadh don scrúdú labhartha Gaeilge, caithfidh baint a bheith ag aon leasú le modheolaíocht iomlanaíoch. Molann an Conradh gur chóir go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna.

Leanúint ar aghaidh

Acht Gaeilge don Tuaisceart

1221599896postaer pobal bus o bhaile tha cliath rpFoilsíodh Comhaontú Chill Rimhinn i mí Dheireadh Fómhair 2006, áit gur gheall rialtas na Breataine go reachtófaí acht Gaeilge don Tuaisceart trí Westminister mura n-éireodh leis teacht ón bhFeidhmeannas, ach tá pobal na Gaeilge ó thuaidh fós ag feitheamh le hacht a chosnaíonn a gcearta teanga.

Leanúint ar aghaidh

Seirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta

An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta trí GhaeilgeCeist agat faoi chúrsaí dlí? B'fhéidir go bhfuil tú ag fiosrú an féidir leis an mbanc ús do mhorgáiste a ardú? An bhfuil d’fhostóir ábalta scaoileadh leat gan iomarcaíocht a íoc leat? Céard iad na cearta atá ag tionónta nó ag tiarna talún? An bhfuil sé de cheart agat labhairt leis an mbreitheamh i nGaeilge? Cén dóigh ar féidir leat tiomna a dhéanamh amach?

Leanúint ar aghaidh

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge