Gaelsnap

Baineann 100,000 duine in Éirinn úsáid as Snapchat le pictiúir agus físeáin a sheoladh go cairde gach lá. Is féidir scéal a insint agus scagaire a roghnú le cur ar do phictiúir nó ar d'fhíseáin, áit ar féidir leat rudaí cosúil le teocht, am nó logainm a léiriú. Tá an-tóir ar na scagairí seo, go háirithe an scagaire tíreolaíochta atá ar fáil in áiteanna ar fud an domhain, in Éirinn ina measc.

Leanúint ar aghaidh

CEOL 2018

as                                                                                                                       

Leanúint ar aghaidh

Cumainn Ghaelacha 3ú Leibhéal

Tá gréasán leathan Cumann Gaelach sna hinstitiúidí tríú leibhéal ar fud fad na tíre. Is grúpaí sóisialta iad na cumainn, leis an dteanga a spreagadh i mbealach neamhfhoirimiúil agus nádúrtha. Déanann na cumainn ceiliúradh ar an teanga agus ar an gcultúr Gaelach, trí imeachtaí sóisialta agus acadúla a eagrú do bhaill an Chumainn, an choláiste agus an pobal ollscoile. Tá na Cumainn Ghaelacha mar bhradán beatha na teanga ag tabhairt an deis do dhaoine óga úsáid a bhaint aisti chuile lá.

Leanúint ar aghaidh

Tionól Gaeltachta 2014

Barúntacht bheag in iarthuaisceart Mhaigh Eo atá in Iorras. Is é Béal an Mhuirthead an príomhbhaile sa cheantar agus is ceantar Gaeltachta é leithinis Mhuirthead le háilleacht nádúrtha, fhiáin an Atlantaigh ar an dá thaobh de. Is ar thránna aoibhne agus ar bhóithríní ársa Iorrais atá ár dtriail do Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2014 ó 3 - 6 Iúil i mbliana. Tá clú agus cáil ar leithéidí Chuan an Fhóid Duibh agus Chuan Oilí sa cheantar, agus fáilteofar roimh fhoghlaimeoirí agus roimh chainteoirí dúchais araon chun a scíth a ligean cois cuain linn ar an saoire Gaeltachta seo.

Leanúint ar aghaidh

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge