bliain na gaeilge 2018

Oifig an Choimisinéara Teanga

Rónán Ó Domhnaill agus Seán Ó Cuirreáin Coimisinéir Teanga CearnógD'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 go raibh sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a cuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid de phlean athchóirithe don earnáil poiblí.

Leanúint ar aghaidh

Cáinaisnéis 2017

Cáinaisnéis 2017Tá idir dhíomá agus fhearg ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i ndiaidh fhógairt Cháinaisnéis 2017. De réir na cáinaisnéise a fógraíodh ar 11 Deireadh Fómhair 2016, níl an Rialtas ó dheas sásta fiú an chéad chuid den phlean infheistíochta a mhaoiniú ar €4.5 milliún. Moladh go ndéanfaí an plean seo a mhaoiniú trí chuid de na ciorruithe a rinneadh ar na húdaráis Gaeilge agus Gaeltachta ó 2008 a aisiompú.

Leanúint ar aghaidh

Ceisteanna Parlaiminte

Is feachtas leanúnach é seo chun brú a choimeád ar pholaiteoirí na tíre a ngealltanais i leith na teanga a chomhlíonadh agus iad i nDáil Éireann, sa Tionól Reachtach, nó i bParlaimint na hEorpa. Iarrann an Conradh ar Theachtaí Dála nó ar Chomhaltaí an Tionóil ón bhfreasúra ionadaithe an Rialtais a cheistiú go rialta i dtaobh atá déanamh, nó nach bhfuil déanta, acu ar leasa na Gaeilge.

Leanúint ar aghaidh

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge