Cláraigh Craobh
Ballraíocht Craoibhe a nuashonrú nó craobh nua a chlárú
Conas Clárú Mar Bhall Aonair
Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ballraíocht aonair a ghlacadh linn! Freastalaíonn an córas ballraíochta ar an duine nach bhfuil in ann, ar chúiseanna éagsúla, páirt a ghlacadh in obair chraoibhe ach ar mhaith leis/léi a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge.
Ceisteanna Parlaiminte
Is feachtas leanúnach é seo chun brú a choimeád ar pholaiteoirí na tíre a ngealltanais i leith na teanga a chomhlíonadh agus iad i nDáil Éireann, sa Tionól Reachtach, nó i bParlaimint na hEorpa. Iarrann an Conradh ar Theachtaí Dála nó ar Chomhaltaí an Tionóil ón bhfreasúra ionadaithe an Rialtais a cheistiú go rialta i dtaobh atá déanamh, nó nach bhfuil déanta, acu ar leasa na Gaeilge.
Seirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta
Ceist agat faoi chúrsaí dlí? B'fhéidir go bhfuil tú ag fiosrú an féidir leis an mbanc ús do mhorgáiste a ardú? An bhfuil d’fhostóir ábalta scaoileadh leat gan iomarcaíocht a íoc leat? Céard iad na cearta atá ag tionónta nó ag tiarna talún? An bhfuil sé de cheart agat labhairt leis an mbreitheamh i nGaeilge? Cén dóigh ar féidir leat tiomna a dhéanamh amach?