Tionól Gaeltachta 2014

Barúntacht bheag in iarthuaisceart Mhaigh Eo atá in Iorras. Is é Béal an Mhuirthead an príomhbhaile sa cheantar agus is ceantar Gaeltachta é leithinis Mhuirthead le háilleacht nádúrtha, fhiáin an Atlantaigh ar an dá thaobh de. Is ar thránna aoibhne agus ar bhóithríní ársa Iorrais atá ár dtriail do Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2014 ó 3 - 6 Iúil i mbliana. Tá clú agus cáil ar leithéidí Chuan an Fhóid Duibh agus Chuan Oilí sa cheantar, agus fáilteofar roimh fhoghlaimeoirí agus roimh chainteoirí dúchais araon chun a scíth a ligean cois cuain linn ar an saoire Gaeltachta seo.

Leanúint ar aghaidh

Toghcháin Eorpacha 2014

Toghcháin Eorpacha 2014

D'iarr Conradh na Gaeilge ar iarrthóirí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha todhchaí a roghnú don teanga agus a gcuid tacaíochta a léiriú le gnímh ar son na Gaeilge má thoghtar iad.

Leanúint ar aghaidh

Lá Mór na Gaeilge

Lá Mór na Gaeilge

Tá pobal na Gaeilge agus Gaeltachta thuaidh theas ag iarraidh cothrom na Féinne agus seirbhísí Stáit as Gaeilge don phobal atá ar comhchaighdeán agus ar comhchéim leis na seirbhísí as Béarla, go háirithe sa Ghaeltacht.

Leanúint ar aghaidh

Rith 2014

Rith 2014

Is ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann ar son na Gaeilge é Rith. Bhí an fhéile náisiúnta is déanaí ar siúl ón 7 - 15 Márta 2014 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2014. Leagadh cúrsa 1000km amach chun ollrith sealaíochta gan stad a dhéanamh ó Bhaile Bhuirne i gCo. Chorcaí go Béal Feirste thar 9 lá, leis na míllte duine ag glacadh páirte ann thar 400 baile. Bhí éagsúlacht ann in 2014 toisc go raibh rith thar oíche i mBaile Átha Cliath den chéad uair riamh.

Leanúint ar aghaidh

Comharthaí Bóthair

Comharthaí Bóthair na hÉireannIn ainneoin gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil de réir an Bhunreachta ó dheas, agus cé go dtugtar cúram ar leith le cinntiú go bhfuil an Ghaeilge go príomha chun cinn ar chomharthaí áirithe in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, (Alt 9) Rialacháin 2008, fágann na rialacháin chéanna comharthaí bóthair na hÉireann go sonrach as an áireamh.

Leanúint ar aghaidh

Oifig an Choimisinéara Teanga

Rónán Ó Domhnaill agus Seán Ó Cuirreáin Coimisinéir Teanga CearnógD'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 go raibh sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a cuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid de phlean athchóirithe don earnáil poiblí.

Leanúint ar aghaidh

Beartas Oideachais

Beartas Oideachais

Is léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó dheas ag teipeadh ar an nGaeilge agus nach bhfuil an Roinn ag dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le múineadh agus foghlaim na Gaeilge inár scoileanna i gceart. Cé go bhfailtíonn muid roimh an aitheantas breise a tugadh don scrúdú labhartha Gaeilge, caithfidh baint a bheith ag aon leasú le modheolaíocht iomlanaíoch. Molann an Conradh gur chóir go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna.

Leanúint ar aghaidh

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge