Beartas Oideachais

Beartas Oideachais

Is léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó dheas ag teipeadh ar an nGaeilge agus nach bhfuil an Roinn ag dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le múineadh agus foghlaim na Gaeilge inár scoileanna i gceart. Cé go bhfailtíonn muid roimh an aitheantas breise a tugadh don scrúdú labhartha Gaeilge, caithfidh baint a bheith ag aon leasú le modheolaíocht iomlanaíoch. Molann an Conradh gur chóir go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna.

Leanúint ar aghaidh

Acht Gaeilge don Tuaisceart

Acht Gaeilge don Tuaisceart

Foilsíodh Comhaontú Chill Rimhinn i mí Dheireadh Fómhair 2006, áit gur gheall rialtas na Breataine go reachtófaí acht Gaeilge don Tuaisceart trí Westminister mura n-éireodh leis teacht ón bhFeidhmeannas, ach tá pobal na Gaeilge ó thuaidh fós ag feitheamh le hacht a chosnaíonn a gcearta teanga.

Leanúint ar aghaidh

Gaelbhratach (Iarbhunscoileanna)

Gaelbhratach (Iarbhunscoileanna)

Is scéim ghradaim í Gaelbhratach a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhaíonn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad. Tá Gael-Linn i mbun Gaelbhratach sna scoileanna i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge ar an dara leibhéal.

Leanúint ar aghaidh

Conas Clárú Mar Bhall Aonair

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ballraíocht aonair a ghlacadh linn! Freastalaíonn an córas ballraíochta ar an duine nach bhfuil in ann, ar chúiseanna éagsúla, páirt a ghlacadh in obair chraoibhe ach ar mhaith leis/léi a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge. 

Leanúint ar aghaidh

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge