Tagann an t-airgead don chiste seo ón An Roinn Pobal ó thuaidh. Is sciar é an maoiniú seo den chiste airgid £1.2m a cuireadh ar fáil don Ghaeilge ón Barnett Consequential do na healaíona ó thuaidh. Is féidir iarratas ar mhaoiniú a chur isteach idir an 4 Samhain & 2 Nollaig le haghaigh deontas suas le £30,000, más grúpa aitheanta SPG thú, nó a chomhionann de ghrúpa le cailliúintí chostais foirne, nó suas le £15,000 más grúpa cláraithe pobail nó grúpa Gaeilge thú a chomhlíonann na riachtanais thíos luaite.
Seimineár an Oireachtais: Na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht
Tugtar cuireadh duit teacht chuig Seimineár an Oireachtais 2020 a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair ag 15.00 ar líne ag an nasc seo: www.cnag.ie/beo
Na cainteoirí agus an Cathaoirleach:
Jack Chambers, TD, Príomhaoire & Aire Stáit na Gaeltachta & an Spóirt
‘Dearcadh agus tacaíocht an Rialtais do na coláistí samhraidh Ghaeltachta'
Máire Denvir, Coláiste Chamuis & CONCOS
‘Bagairt an choróinvíris & bagairtí eile le tamall de bhlianta anuas do na coláistí samhraidh’ Ghaeltachta agus conas teacht i dtír orthu’
An Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
‘Stair agus tábhacht na gColáistí Samhraidh don Ghaeltacht’
Beidh Máirín Ní Ghadhra mar chathaoirleach ar an ócáid.