Fad an Chúrsa: 10 seachtaine (1 rang sa tseachtain)
Leibhéal ranga: Meánrang 1 (TEG B1)
Múinteoir: Colm Mac Donnacha
Lá Ranga: Dé Máirt
Dáta Tosaithe: Dé Máirt, 11 Bealtaine 2021
Dáta Críochnaithe: Dé Máirt, 13 Iúil 2021
Am Ranga: 18:00 – 19:15 (Am na hÉireann)
Táille: €145
Seo chugaibh leagan amach an Mheánranga 1, tá an cúrsa seo in oiriúint do dhaoine a bhfuil Gaeilge measartha acu.
Baineann ár múinteoirí leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdach chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh do na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Tús | 11-05-2021 18:00 pm |
Deireadh | 13-07-2021 19:15 pm |
Dáta deiridh | 14-05-2021 18:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 8 |
Praghas | €145 (Early Bird = €125) |
Ionad | Gaillimh |