Beidh fothoghchán i mBÁC Láir agus i nGaillimh Thiar Dé hAoine an 22 Bealtaine. Tá dhá shuíochán le líonadh - ceann sa dá Dháilcheantar agus tá os cionn 20 iarrthóir tar éis a n-ainm a chur chun cinn.
Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar phobal na Gaeilge #GaelVóta a thógáil san áireamh agus iad ag caitheamh vóta sa toghcháin seo.
Mar chuid den fheachtas Gaelvóta bhailaigh muid eolas ar sheasamh na n-iarrthóirí ar na héilimh Ghaeilge agus Gaeltachta a chuir muid chucu le cúpla seachtain anuas.
Ba mhaith linn go mbeidh deis ag daoine na seasamh seo a thógáil san áireamh agus iad ag caitheamh vóta Dé hAoine sna fothoghcháin.
Seasamh na nIarrthóirí i mBÁC Láir
Seasamh na nIarrthóirí i nGaillimh Thiar
Freagraí iomlána na nIarrthóirí
D’iarr muid ar na hiarrthóirí, ina bhfuil sonraí teagmhála againn dóibh, a dtacaíocht oifigiúil a ghealladh do na móréilimh ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus seo a leanas freagraí na n-iarrthóirí fuair muid faoin Aoine, 8 Bealtaine 2026.
Is féidir le haon iarrthóir teagmáil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. má tá siad ag iarraidh tacú leis na héilimh nó a freagra a leasú agus déanfar na hathruithe cuí.
Conradh na Gaeilge
66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201 Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.