Tá gluaiseacht na Gaelscolaíochta ó thuaidh aitheanta mar chuisle na hathbheochana ó bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste. Go mall sna 1960í tháinig grúpa teaghlach, a raibh Gaeilge acu, le chéile chun Gaeltacht uirbeach a bhunú ar Bhóthar Seoighe. Bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste I 1971 le 9 bpáiste. Chuaigh an scoil ó neart go neart. Faoi 1978 cuireadh tús le naíscoil lán aimseartha. Céim ollmhór a bhí ann i stair na scoile sa mhéid is go raibh teaghlaigh in inmhe páistí a chlárú i nGaelscolaíocht. Obair deonach le hairgead a bhailiú a choinnigh an scoil beo le trí bliana déag. Sa bhliain 1994 aithníodh an scoil agus bronnadh stádas oifigiúil uirthi. Ó shin bunaíodh roinnt Gaelscoileanna eile i mBéal Feirste agus sa cheantar máguaird. Lé bunú Coláiste Feirste i 1991, an chéad iar-bhunscoil sa rannóg, tá rogha Gaelscolaíochta ann ó 3-18.
Feachtais Oideachais
- 1
- 2