Skip to main content

#GaelVóta

Posted in Feachtais Reatha.

OLLTOGHCHÁN 2020  #GaelVóta

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar phobal na Gaeilge an #GaelVóta a thógáil san áireamh agus iad ag caitheamh vóta Dé Sathairn, 8 Feabhra

Olltoghchán ó dheas:

Dé Sathairn, 8 Feabhra 2020

 

Cliogáil anseo le seasamh na bpáirtithe ar na héilimh atá breis is 70 grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus eile ag lorg:

Olltoghchan_2020_Gaeilge.jpg

Gliogáil ar aon cheann de na Dáilcheantair thíos le seasamh na n-iarrthóirí sa Dáilcheantar sin a fheiceáil:
  1. Ceatharlach-Cill Chainnigh
  2. An Cabhán-Muineacháin
  3. An Clár
  4. Corcaigh Thoir
  5. Corcaigh Thuaidh-Lár
  6. Corcaigh Thiar Thuaidh
  7. Corcaigh Theas-Lár
  8. Corcaigh Thiar Theas
  9. Dún na nGall
  10. Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh
  11. Cuan Bhaile Átha Cliath Theas
  12. Baile Átha Cliath Láir
  13. Baile Átha Cliath-Fine Gall
  14. Baile Átha Cliath Thiar Meán
  15. Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh
  16. Baile Átha Cliath Rath an Dúin
  17. Baile Átha Cliath Theas-Lár
  18. Baile Átha Cliath Thiar Theas
  19. Baile Átha Cliath Thiar
  20. Dún Laoghaire
  21. Gaillimh Thoir
  22. Gaillimh Thiar
  23. Ciarraí
  24. Cill Dara Thuaidh
  25. Cill Dara Theas
  26. Laois-Uíbh Fháilí
  27. Cathair Luimnigh
  28. Contae Luimnigh
  29. An Longfort-An Iarmhí
  30. An Lú
  31. Maigh Eo
  32. An Mhí Thoir
  33. An Mhí Thiar
  34. Ros Comáin-Gaillimh
  35. Sligeach-Liatroim
  36. Tiobraid Árann
  37. Port Láirge
  38. Loch Garman
  39. Cill Mhantáin

4 éileamh do phobal na Gaeilge & na Gaeltachta.

1. Go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeadh ionchur níos láidre ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais agus sa cháinaisnéis

2. Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge & na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 500+ post nua a chruthú

3. Go bhforbrófar agus go gcuirfear i bhfeidhm Polasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Réamhscoil go dtí an 3ú Leibhéal

4. Go dtacófar le Bille na dTeangacha Oifigiúla 2019 a láidriú, go háirithe le spriocbhliain de 2030 a chur leis an bhforáil go mbeidh 20% do na hiarrthóirí a earcófar don stát seirbhís inniúil ar an nGaeilge

Tá nasc anseo d'eolas breise.

Is féidir theacht ar eolas breise maidir seasamh na bpáirtithe ag an nasc seo.

Tacaíocht láidir geallta ó na páirtithe in Olltoghchán 2020 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 

Ach brú le coinneáil ar chuid de na páirtithe le héilimh áirithe a dheimhniú go fóill roimh lá an Olltoghcháin

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh sheasamh na bpáirtithe ar na 4 éileamh chomónta aontaithe ag breis is 70 grúpa do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu agus bileog foilsithe ag an eagraíocht le scaipeadh ar an bpobal maidir le hOlltoghchán 2020.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá sé an-tábhachtach go mbeidh an pobal ar an eolas maidir le seasamh na bpáirtithe ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Níl Cothrom na Féinne faighte ag an teanga le tamall de bhlianta, go háirithe ó thaobh maoinithe de, ach is maith a fheiceáil go bhfuil an chuid is mó de na páirtithe ag geallúint go gcuirfear sin ina cheart tar éis an Olltoghcháin. Bhainfí úsáid as an infheistíocht bhreise, geallta ag na páirtithe, le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht agus le deiseanna úsáide Gaeilge a chur ar fáil don phobal trí chéile trí lárionaid Ghaeilge a fhorbairt, scoláireachtaí a chur ar fáil do pháistí ar mhíbhuntáiste, comhordaitheoirí teanga a fhostú agus eile.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Cé go bhfuil muid an-sásta go bhfuil cuid de na páirtithe ar bord leis na 4 éileamh ar fad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, tá obair le déanamh againn fós le héilimh áirithe a chinntiú, ar nós go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeidh ionchur níos láidre ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais agus sa Cháinaisnéis. Táimid ag iarraidh ar an bpobal, idir anois agus lá an Olltoghcháin, le plé a dhéanamh le hiarrthóirí maidir leis na  4 éileamh.”

Tá Conradh na Gaeilge i mbun fóraim ghnímh a eagrú fud fad na tíre leis an bpobal a spreagadh le gníomhú ar na héilimh agus scaipfear eolas ar an bpobal ar sheasamh gach páirtí agus gach iarrthóir de réir Dáilcheantair roimh an Olltoghchán.

Grúpaí ag tacú leis na 4 éileamh | Groups Supporting the 4 Commitments:

  • An Clár as Gaeilge Teo.
  • An Droichead Teo.
  • An Foras Pátrúnachta
  • An Gréasán
  • Aontas na Mac Léinn in Éirinn
  • Aontas na nDaltaí Iarbhunscoile in Éirinn
  • Áras na nGael
  • Cairde Teo.
  • Cairde Uí Néill
  • Coiste Cultúrtha & Teanga Tuar Mhic Éadaigh Teo.
  • Coiste Dúiche Mhaigh Eo, Conradh na Gaeilge
  • Coiste Forbartha Charn Tóchair
  • Coláiste na bhFiann
  • Coláiste na nGael
  • Comhairle Ceantair na nOileán Teo.
  • Comhaltas Uladh
  • Comhar Chaomhán Teo.
  • Comhar Dún Chaocháin Teo.
  • Comharchumann Chléire Teo.
  • Comharchumann Dhúiche Sheoigeach Teo.
  • Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo.
  • Comharchumann Forbartha Árann
  • Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.
  • Comharchumann Forbartha Mhuscraí Teo.
  • Comharchumann Mhic Dara Teo
  • Comharchumann na nOileán Bheag Teo.
  • Comharchumann Oileán Árainn Mhóir
  • Comhchoiste Gaeltachta Chiarraí Theas Teo.
  • Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta
  • Comhlacht Forbartha an Spidéal Teo.
  • Comhlacht Forbartha Oileán Acla Teo.
  • CONCOS
  • Conradh na Gaeilge
  • Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar
  • Conradh na Gaeilge, Craobh an Aonaigh
  • Croí Éanna
  • Cultúrlann Mac Ádaimh Ó Fiach
  • Cultúrlann Uí Chanáin
  • Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
  • Cumann Gaelach Leath Chathail
  • Fóram Gaeilge Chiarraí
  • Fóram na nÓg
  • Forbairt Chonamara Láir
  • Forbairt na Dromada Teo.
  • Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo
  • Gaeil na Gaillimhe
  • Gaeilge Locha Riach
  • Gael Linn
  • Gael-Taca
  • Gaelfhorbairt na Gaillimhe
  • Gaeloideachas
  • Gaelphobal Ard Mhacha Theas
  • Glór an Ghleanna
  • Glór an Tuaiscirt
  • Glór Cheatharlach
  • Glór na Móna
  • Glór na nGael
  • Glór na Spéiríní
  • Ionad Buail Isteach na Gaeilge
  • Ionad Deirbhle
  • Ionad na Fuiseoige
  • Ionad Naomh Pádraig, Dobhar
  • Ionad Uíbh Eachach
  • Laochra Loch Lao
  • Misneach
  • Muineachán le Gaeilge
  • Muintir Chrónáin
  • Ógras
  • Oideas Gael
  • Oidhreacht Chorca Dhuibhne
  • Oireachtas na Gaeilge
  • Pobal ar an Iúl, Conradh na Gaeilge
  • Spleodar
  • Sult na Sollán
  • Tuismitheoirí na Gaeltachta

Olltoghchan 2020 Gaeilge

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.