Bhí comhairliúchán tábhachtach faoi lánseol ag Comhairle Chathair Bhéal Feirste maidir le dréacht polasaí faoi Éagsúlacht Teanga. Áiríodh polasaí Gaeilge mar chuid den chomhairliúchán seo.
Cé nach polasaí iomlán cuimsitheach é, ba chéim shuntasach chun tosaigh é agus bhí deis ag pobal na Gaeilge ár gcuid moltaí a chur san áireamh trí aighneacht a sheoladh ar aghaidh chuig Comhairle Chathair Bhéal Feirste.
Chruthaigh muid foirm leictreonach a cuireadh ar fáil thíos chun go mbeadh sé chomh simplí agus ab fhéidir duitse páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán.
Ba é Dé Máirt, 18 Iúil 2017 an spriocdáta le haighneacht a sheoladh isteach. Buíochas le gach duine a ghlac páirt!
Tá moltaí Chonradh na Gaeilge féin ar fáil anseo.
Séanadh: Sa cheistneoir maidir le Polasaí Éagsúlacht Teanga Comhairle Bhéal Feirste bhí roinnt ceisteanna a bhain le sonraí pearsanta (Aois, Inscne, Creideamh srl.). Ba í Comhairle Bhéal Feirste a chur na ceisteanna seo agus a bhailigh an t-eolas seo, ní Conradh na Gaeilge. Rinne an Conradh gach eolas pearsanta a scriosadh nuair a chríochnaigh an comhairliúchán.
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: