Skip to main content

Na hOllchomhairlí ó thuaidh


Na hOllchomhairlí ó thuaidh

Tá dualgais ar an stát maidir le cur chun cinn agus cosaint na Gaeilge, mar atá leagtha amach i gconarthaí idirnáisiúnta agus i gcomhaontuithe éagsúla polaitiúla. Tá 11 comhairle áitiúil ó thuaidh agus tá réimse leathan dualgas orthu, ó fhorbairt pobail go comharthaíocht shráide, mar aon le dualgais ó thaobh dhea-chaidrimh agus chomhionannas. Fríd na seirbhísí seo, mar aon le gníomhaíochtaí cultúrtha agus oidhreachta, agus trína gcuid brandála féin, is féidir le comhairlí áitiúla an teanga a chur chun cinn go mór.

belfastcc

Is é an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (CETRM) an conradh is suntasaí atá againn ag leibhéal an rialtais áitiúla ó thaobh teangacha réigiúnacha agus mionlaigh. Sin ráite, de bhrí nach bhfuil dlí intíre anseo a aithníonn an Ghaeilge, níl ach luach léirmhínitheach le coimitmintí na Cairte Eorpaigh; úsáideann comhairlí áitiúla ó thuaidh seo mar leithscéal chun bac a chur roimh bhearta fórásacha don Ghaeilge. Chomh maith leis seo, is minic a bhaineann comhairlí áitiúla mí-úsáid as an dualgas atá orthu chun 'dea-chaidrimh' a chur chun cinn chun chun easpa gnímh ó thaobh na Gaeilge de a dhlisteanú. Ina áit, ba cheart go ndíreodh na comhairlí áitiúla ar chláir agus tograí a bhfuil sé mar aidhm acu feasacht ar an teanga a mhéadú;  chuirfeadh seo go mór le caoinfhulaingt agus tuiscint ar an teanga, agus dá bharr, chomlíonfaí a ndualgas ó thaobh dhea-chaidrimh. 

Tá roinnt rudaí déanta ag roinnt comhairlí chun tacú leis an Ghaeilge agus chun bunseirbhísí a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge, ach is mór an difear idir an méid atá ar fáil i gcomhairle amháin agus an méid atá (nó nach bhfuil) ar fáil i gcomhairlí eile. Léiríonn an tábla thíos na soláthairtí atá ann don Ghaeilge in achan ceann den 11 comhairle faoi láthair.

Comhairle

Polasaí Gaeilge

Oifigeach Gaeilge?

Polasaí a éascaíonn comharthaí sráide dátheangach

Comhairle Ceantair Aontroma agus Bhaile Nua na Mainistreach

Níl

Níl

Tá - Dréacht pholasaí ar fáil anseo 

Comhairle Ceantair an Dúin Thuaidh agus na hArda

Níl

Níl

Níl

Comhairle Ceantair Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon

Níl

Níl

Tá - Polasaí ar fáil anseo

Comhairle Chathair Bhéal Feirste

Níl

Tá - Polasaí ar fáil anseo 

Comhairle Ceantair Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte

Níl

Níl

Tá - is gá teagmháil a dhéanamh le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSrátha Báin

Tá - ar fáil anseo 

Tá - Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Tá - ar fáil anseo  

Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí

Tá - ar fáil anseo (tá an Chomhairle i lár uasdátaithe ar an pholasaí Gaeilge) 

Tá - Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Tá - ar fáil anseo

Comhairle Ceantair Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh

Níl

Níl

Tá - is gá teagmháil a dhéanamh le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Comhairle Ceantair Lár agus Oirthear Aontroma

Níl

Níl

Níl 

Comhairle Ceantair Lár Uladh

Tá - ar fáil anseo

Tá - Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Tá - ar fáil anseo

Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin

Polasaí dátheangachais - ar fáil anseo 

Tá - Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Tá - ar fáil anseo

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.