An Comhrá Mór: Chéad Ollchruinniú Gnímh (2017)
Dáta: Dé Sathairn, 10 Meitheamh 2017
Am: 11.00 go dtí 16.00
Ionad: Óstán Wynns, 34-39 Sráid na Mainistreach Íochtar, BÁC 1
Stadann an Líne Dearg den Luas ag an doras
11.00 Fáilte – tae agus caife
11.15 Cur in aithne, spriocanna agus cur chuige an lae
– Bláthnaid Ní Chofaigh, Cathaoirleach an Lae
11.20 Cur i láthair ar na feachtais reatha & plé
12.00 Ceardlanna:
Na dúshláin a aithint - Ursula Ní Shabhaois
Na meáin shóisialta sna feachtais - Tomaí Ó Conghaile
Bunteachtaireacht - John Ó Liodáin
12.40 Aiseolas ó na ceardlanna
13.00 Lón
13.40 Aoichaint
– Traolach Ó Buachalla, léiritheoir teilifíse agus duine de bhunaitheoirí an fheachtais #TáComhionannas
Feachtas um Chomhionannas Pósta: Ceachtanna le Foghlaim
14.00 Ceardlanna:
Gníomhartha ó dheas - Paula Melvin
Gníomhartha ó thuaidh - Gráinne Ní Ghilín
Gníomhartha sa Ghaeltacht - Sara Ní Chuireáin
14.40 Aiseolas
15.00 Gníomhartha aontaithe
15.30 Críoch
Cathaoirleach
Bláthnaid Ní Chofaigh, láithreoir teilifíse agus raidió as Gaeltacht Ráth Chairn, Co. na Mí.
Éascaitheoirí na gCeardlann
Ursula Ní Shabhaois, bainisteoir ar Chlub Áras na nGael i nGaillimh agus scríbhneoir an chinn lae Ag Smaoineamh Os Ard as Co. Ard Mhacha.
Tomaí Ó Conghaile, stiúrthóir NÓS, bainteach leis na meáin Ghaeilge le fada, as Co. Ard Mhacha.
John Ó Liodáin, cathaoirleach ar Chlub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, as Co. na Mí.
Paula Melvin, cathaoirleach Pobal 15 agus riarthóir dámhachtainí le Coimisiún Fulbright na hÉireann, as Baile Átha Cliath.
Gráinne Ní Ghilín, iriseoir leis An tUltach, ball gníomhach ins An Dream Dearg, as Béal Feirste.
Sara Ní Chuireáin, oifigeach forbartha Gaeilge i mBoirche Íochtar i ndeisceart an Dúin, as Gaeltacht Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
Aoichainteoir
Traolach Ó Buachalla, léiritheoir teilifíse agus duine de bhunaitheoirí an fheachtais #TáComhionannas, as Baile Átha Cliath.
Cúlra
Nuair a thug Daonáireamh 2011 sa Bhreatain Bheag le fios gur thit líon na gcainteoirí Breatnaise, spreag Rialtas na Breataine Bige comhrá náisiúnta faoi thodhchaí na teanga. Fóram oscailte dar teideal Iaith Fyw: Y Gynhadledd Fawr (Teanga Bheo: An Comhrá Mór) a bhí i gceist leis seo.
Anseo in Éirinn, léirigh na torthaí is déanaí ó Dhaonáireamh 2016 ó dheas go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge tar éis titim den chéad uair ó bhí 1946 ann. Spreagtha ag Y Gynhadledd Fawr, tá An Comhrá Mór á reáchtáil chun tús a chur le comhrá mhór mhuintir na hÉireann i dtaobh na Gaeilge.
Is cruinnithe le dul i mbun gnímh iad seo go príomha mar aon le fóram poiblí le smaointe agus le tuairimí a spreagadh agus a bhailiú. Aontófar gníomhartha a bhaineann go sonrach le feachtais ar leith ag na cruinnithe, go háirithe maidir le reachtaíocht ó thuaidh, reachtaíocht níos láidre ó dheas, agus maoiniú don phlean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach.
An Chéad Chéim Eile...
Reáchtáladh an chéad ollchruinniú gnímh thuasluaite den Chomhrá Mór san ardchathair ar 10 Meitheamh 2017, agus reáchtálfar an dara cruinniú i mBaile Átha Cliath ar 23 Meán Fómhair 2017. Reáchtálfar fóraim ghnímh sna Gaeltachtaí ar 12 Meán Fómhair 2017 mar chuid den mhórchomhrá náisiúnta céanna. Bí linn!